GAEILGE24
18 Nov 2019
Ar an 12ú Samhain bhí an teanga bheo le cloisteáil timpeall na scoile nuair a bhí Gaeilge 24 faoi lán tseoil i gCluain Tarbh. Comhgairdeachas don 409 dalta a ghlac páirt
Bhí imeachtaí éagsúla ar siúl i rith an lae. Bhí tráth na gceist don dara, cúigiú agus séú bliain.
Bhuaigh "Na Taytos" "SLAK" agus "Inisbiggle", maith sibh a cháilíní.
Bhí céilí ann sa tráthnóna don tríú bliain agus rinne na múinteoirí go léir iarracht gaeilge a úsáid sna ranganna.
Beatha teanga í a labhairt.