Displaying 721-730 of 824 results.
Buachaillí na Pobalscoile ag ceilliúradh anocht!
Created : 02 Sep 2018, 9:28 PM
Archived : 02 Nov 2018, 12:00 AM
Craobh na hÉireann sna mionúir buaite acu! Conor Ó Flannúra, Ruaidhrí Ó Beaglaoich, Colm Ó Muircheartaigh, Seán Óg Ó Móráin, Cillian Ó Failbhe, Colin Ó Muircheartaigh agus Dylan Ó Géibheannaigh. Táimid an-bhródúil asaibh.
Cillian Ó Failbhe Laoch na hImeartha!
Created : 02 Sep 2018, 3:46 PM
Archived : 02 Nov 2018, 12:00 AM
Ba é Cillian Ó Failbhe Laoch na hImeartha i gCraobh na hÉireann sna mionúir inniu. Sár cluiche aige siúd agus ag buachaillí Chiarraí. Nár laga Dia sibh! Ciarraí abú.
Tuismitheoirí bhliain 1 / 1st Parents
Created : 31 Aug 2018, 2:49 PM
Archived : 02 Nov 2018, 12:00 AM
Cur i gcuimhne: Foirmeacha vacsaíniú faighte ag scoláirí bhliain 1, Caithfear na foirmeacha a líonadh agus a thabhairt chun na hoifige faoi Dé Luain, 3 Meán Fómhair 2018. Reminder: HSE Vaccination forms have been given to 1st year students. Forms need to be completed and returned to school office by Monday, 3rd September, 2018.:
Tuismitheoirí/Parents
Created : 14 Aug 2018, 12:55 PM
Archived : 14 Oct 2018, 12:00 AM
Torthaí scrúduithe Ard-Teist ar fáil ó 10.00rn amárach, 15/8/18. Leaving certificate results available from 10a.m tomorrow, 15/8/18.
Siúlóid i gcuimhne ar Aodhán Ó Conchúir.
Created : 08 Aug 2018, 8:59 PM
Archived : 08 Oct 2018, 12:00 AM
Siúlóid ar siúl Dé Domhnaigh 12 Lúnasa ó Halla le Chéile ag 11am go Sás agus go dtí Srón Bhroin. BBQ i gCé Bhréanainn ina dhiaidh. Beidh an brabús ar fad ag dul go dtí an ‘Intensive Therapy Unit' i CUH agus Tarrtháil Sléibhe Chiarraí i gcuimhne ar Aodhán Ó Conchúir. Caithfear duine fásta a bheith i dteannta le leanaí.
Tuismitheoirí/Parents
Created : 18 Jul 2018, 3:06 PM
Archived : 18 Sep 2018, 12:00 AM
Cur i gcuimhne; Más rud é go raibh do mhac / iníon páirteach sa scéim leabhar ar cíos 2017-2018, Cinntigh leo go bhfuil na leabhair tugtha thar n-ais chuig an scoil acu. Reminder; If your son / daughter was part of the 2017-2018 book rental scheme, confirm with them that books were returned to school office after Junior Cert exams were completed.
Craobhchomórtais na gCúigí Tailteann
Created : 20 Jun 2018, 1:03 PM
Archived : 20 Aug 2018, 12:00 AM
Tá Katelyn Reid roghnaithe chun páirt a ghlacadh i gCraobhchomórtais na gCúigí Tailteann ar son scoileanna i gCúige Mumhan. Beidh sí ag caitheamh an tSleá (Javelin) Beidh an comórtas ar siúl i Seantrabh (Santry) BÁC ar an 23ú Meitheamh. Go n-éirí leat a Katelyn.
Príomhoide nua ceaptha
Created : 20 Jun 2018, 9:32 AM
Archived : 20 Aug 2018, 12:00 AM
Cúis áthais dúinn a chur in iúl go bhfuil an tUas Éamonn Mac Muiris ceaptha ina Phríomhoide ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne ó 1/9/18. Ag guí gach rath air.
Idirbhliain 2018-2019 / TY Programme 2018-2019,
Created : 13 Jun 2018, 4:57 PM
Archived : 13 Aug 2018, 12:00 AM
Mar eolas: Scoláirí na 3ú bliana a chuaigh faoi agallamh le deanaí, ba mhaith linn a chur in iúl daoibh go bhfuil áit bainte amach acu i rang na hIdirbhliana 2018-2019. For your information: 3rd year students that attended interview recently, we are delighted to inform them that they achieved a place in the Transition Year Class 2018-2019.
Lúthchleasaíocht – Craobh na hÉireann, Bealtaine 2017
Created : 06 Jun 2018, 9:19 AM
Archived : 06 Aug 2018, 12:00 AM
Tá Craobh na hÉireann buaite ag Katelyn Reid i gCaitheamh na Sleá. Comhghairdeachas leat a Katelyn!