Tá na cailíní F14 go leith ag dul ar aghaidh go cluiche ceannais na Mumhan Mionúr B. Táid i gcoinne Coláiste Dún Iascaigh, An Chathair ar na 6ú Bealtaine ag a 12.30 i Mala, Co. Chorcaí. Guímis gach rath orthu.
Bhí Camphill ag ceiliúradh fiche bliain sa Daingean inné. Bhí ana thime ag bl4 ina dteannta. Lá dár saol!
Comhghairdeas ó chroí le Louise Ní Chíobháin, Bláthnaid Ní Shuilleabháin, Jessie Ní Loingsigh agus Róise Ní Ghairbhí atá ar fhoireann Chiarraí F16 a bhuaigh ar Chorcaigh le pointe amháin! Bail ó Dhia oraibh! Anuas ar sin bhauigh Amy Ní Mhuircheartaigh agus Máire Eilís Nic Gearailt craobh an Sharon O Keeffe B in aghaidh Luimneach. Tá teacht aniar i gcailíní bl3! Mo cheol sibh!
Comhghairdeas le daltaí rugbaí ó bhl2,3 & 4 a bhuaigh cluiche ceannais Cupa Iarthar na Mumhan inné lena gclub, Rugbaí Chorca Dhuibhne. Críoch dheas leis an séasúr. Beir bua a leaideanna!
Comhghairdeas ó chroí le Béibhinn Nic a'tSíthigh agus mná Chiarraí! Ciarraí abú!
Bhí ana lá ag dream lúthchleasaíochta PCD inné nuair a d'imigh 45 dalta le páirt a ghlacadh i gcomórtas an chontae. Tá boinn óir ag Conrí Ó Brosnacháin bl1 agus Kieran Ó Catháin bl4 i gcaitheamh meáchain, agus d'éirigh le Tommy Ó Fearíosa sa 100m. Dúirt Múinteoir Fiona go raibh ana lá acu, gur ghlacadar páirt i ngach rud agus go raibh an iompar ar fheabhas! Maith sibh!
Comhghairdeas mór groí le Lia Ní Shíthigh bhl2 ó Chlub Chosun Taekwon-do. Le déanaí bhuaigh Lia bonn airgid ag leibhéal idirnáisiúnta don speáráil, comhrac teagmhála (contact fighting) agus bonn óir ag léibhéal na Mumhan don patrúin, gluaiseachtaí (patterns) le déanaí. Gura fada buan tú a Lia!
Gúimid gach rath ar Bhéibhinn Nic a'Síthigh bl6. Beidh sí ag imirt i gCluiche Ceannais na hÉireann i bPáirc a Chrócaigh, an Satharn beag seo. Táimid fíor bhródúil asti! Ní haon dua é do Bhéibhinn stuama cluiche ceannais a imirt agus dhá scrúdúbéil a dhéanamh ina dhiaidh! Guímís gach rath leis ar iarscoláire Niamh Ní Chonchúir agus iníon Mháire Ní Normaoile, Éabha Ní Laighin. Go n-éirí go geal libh!