Tá sé déanta acu!!! Gaisce mór groí. An fhoireann cispheile sóisir ag dul ar aghaidh go BÁC go dtí cluichí ceathrú ceannais na hÉireann. Bhí ana lá ar fad i bPCD inné leis na comórtais cispheile ar fad a reáchtáladh go slachtamhar sa halla. Míle buíochas le gach duine a chabhraigh an lá iontach seo a chuir a gcrích. Agus beir bua don chéad babhta eile!
Bhí ranganna lónadóireachta ATF agus bl5 Eacnamaíocht Bhaile in Ostán Benners Dé Máirt i gcomhair "Bia Dingle Showcase". Bhí comhlachtaí bianna áitiúla ann agus bhí na daltaí in ann labhairt leo faoin mbia/comhlachtaí, ana shuimiúil, agus deas tacaíocht a thabhairt do comhlachtaí áitiúla.
Thug Luke agus Justin ó Bean in Dingle cuireadh do bhl4 dul go dtí an áitreabh gnó nua atá acu i gCeardlann an Coille, áit a bhíonn siad ag rósta an chaife. Bhí sé an shuimiúil ar fad agus tá deis iontach agus flaithiúil tugtha acu do dhaltaí bl4, sé sin cúrsa bharista a dhéanamh ar chostas iséal. Míle buíochas Luke agus Justin.
Gaisce bainte amach ag foireann rugbaí f16. Tá Corn an Rí ag teacht go PCD! An chéad scoil riamh ó Chiarraí a bhain amach an éacht seo. Tá an fhoireann ana bhuíoch do Chathy de Barra, Tony Sé agus gan dabht, cá mbeidís gan Paddy Ó Fiannachta agus Justin Mac Cárthaigh a thug gach cabhair dóibh an fís seo a bhaint amach. Gurb fada buan sibh a leaideanna! Húp! PCD abú!
Tá Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag tabhairt cuireadh duit a bheith linn dár gcéad Clasaic Ghailf i gCeann Sibéal ar an 2 Bealtaine 2025. Rachaidh an t-airgead a bhaileofar i dtreo ciste tacaíochta do dhaltaí, chun cabhrú leis na costais a bhaineann le daltaí a ghlacann páirt i gcomórtais éagsúla thar ceann na scoile. Bí linn!
Tá éacht déanta foireann na mbuachailllí bl1. Tá an comórtas réigiúnach cispheile buaite acu
Gaisce leis déanta ag bl2 agus an dara háit fachta acu. Tá an dá fhoireann cáilithe do chluichí cáilithe ceannais na hÉireann a bheidh ar siúl an tseachtain seo chugainn. Mo sheasamh oraibh agus comhghairdeas ó chroí! Go n-éirí libh!
Comórtas Labhairt na Gaelainne