Displaying 31-40 of 1320 results.
Clár Aistrithe Scoile
Created : 07 Mar 2025, 9:46 AM
Archived : 07 May 2025, 12:00 AM

Clár Aistrithe Scoile do Dhaltaí Rang a 6

Tá tús curtha leis an gClár Aistrithe Scoile sa Phobalscoil.


Is é aidhm an chláir seo, a mhairfidh ar feadh 4 seachtaine, ná an t-aistriú ón mbunscoil a éascú do na daltaí.
Bhaineadar ana thaitneamh as an gclár tráthnóna inniu – bhí spórt agus spraoi acu le Cian sa Halla Spóirt, d’oibríodar le Colm sa rang Adhmadóireachta, phléadar Grafaicí le Joe agus bhí cuid eile acu ag bácáil le Marie sa rang Eacnamaíocht Bhaile. Bhí ana chuileachta acu sna ranganna Gaelainne chomh maith le Cian, Céití, Seán, agus Áine.
Táimid ag súil go mór le sibh a fheiscint aríst tráthnóna Dé Céadaoin seo chugainn!
Is fearr cairde ná ór.
Aistritheoirí Óga 2025
Created : 06 Mar 2025, 4:17 PM
Archived : 06 May 2025, 12:00 AM
Go n-éirí go geal le triúr dalta a ghlac páirt inniu an 6ú Márta sa chomórtas Aistritheoirí Óga 2025 atá eagraithe ag an Aontas Eorpach. Sin iad Fiadh Ní Chinnéide, Ella Ní Ainiféin agus Tom Ó Neachtain" #GaeilgeAE @translatores
Club Fichille.
Created : 06 Mar 2025, 4:14 PM
Archived : 06 May 2025, 12:00 AM
Tá na daltaí ag baint ana thaithneamh agus tairbhe as an gclub fichille a thosnaigh Seosamh Mac Toireallaigh le déanaí. Maith sibh!
Printíseachtaí le BSL (ESB)
Created : 05 Mar 2025, 11:02 AM
Archived : 05 May 2025, 12:00 AM
Le déanaí tháinig Eoin Mannsell chugainn ag caint faoi deiseanna printíseachtaí sa Bhord Soláthair Leictreachais (ESB). Chuir daltaí ana shuim ann. Buíochas le Michelle a d'eagraigh.
Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan
Created : 05 Mar 2025, 10:42 AM
Archived : 05 May 2025, 12:00 AM
Tháinig Carol Fitzgerald le déanaí ó Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan (MTU) le labhairt linn faoi chúrsaí atá ar fáil idir Chorcaigh agus Chiarraí. Ana shuimiúil ar fad.
An Fhoireann Sinsir Rugbaí
Created : 05 Mar 2025, 10:19 AM
Archived : 05 May 2025, 12:00 AM
Ní raibh an t-adh le foireann shinsir rugaí PCD inné, cé gur tháinig siad thar nais ana láidir sa dara leath i gcoinn Coláiste Fhlannáin. Beidh lá eile ag an bPaorach!
File agus údar Mícheál Ó Ruairc.
Created : 04 Mar 2025, 6:00 PM
Archived : 04 May 2025, 12:00 AM
Tháinig an t-údar agus file Mícheál Ó Ruairc ar cuairt inniu 4ú Márta. Bhain cuid de dhaltaí Bliain 1 ana thaitneamh as mar go raibh a leabhar léite acu le déanaí.
Táimid ana bhuíoch le COGG agus an Scéim Club Leabhar a chabhraigh linn an ócáid a eagrú.
Míle buíochas.
Máirt na hInide
Created : 04 Mar 2025, 4:32 PM
Archived : 04 May 2025, 12:00 AM
Bhí cad é fuadar fé bhl4 inniu agus iad ag caitheamh na bpancóg in airde do Mháirt na hInide. Níor chuaigh aon cheann amú má sea, mar is ag bailiú airgid a bhíodar dár gcuairteoirí atá ag teacht ó SAM go luatha. Tá Jamie Oliver ag seasamh sa dainséar ambaiste!!!
Gradam Fergal Quinn.
Created : 03 Mar 2025, 4:37 PM
Archived : 03 May 2025, 12:00 AM
Tá foireann PCD chomh bródúil as Goncalo Ferreira ón ATF a bhain Gradam Fergal Quinn amach don Ardteist Fheidhmeach is fearr ó thaobh pointí de. Go n-éirí go geal leat a Ghoncalo!
Seó na hIdirbhliana.
Created : 03 Mar 2025, 4:25 PM
Archived : 03 May 2025, 12:00 AM
Ní neart go cur le chéile!
Léirigh bl4 é seo le déanaí leis an seó a chuireadar ar siúl don bpobal. Chuir siad féin an obair isteach ann agus le cabhair foireann drámaíochta agus ceoil, mar aon le foireann uile PCD bhaineadar éacht amach. Húp bl4!