Displaying 71-80 of 1320 results.
An Fhoireann Sinsir Caide
Created : 07 Jan 2025, 10:10 AM
Archived : 07 Mar 2025, 12:00 AM

An fhoireann sinsir caide i rith na Nollag agus súp go cluasa orthu.  Táimid fíor bhuíoch do Mhuintir Uí Chuinn a chuir béile ar fáil dóibh.    

Beannachtaí na Nollag.
Created : 25 Dec 2024, 12:03 PM
Archived : 25 Feb 2025, 12:00 AM

Beannachtaí na Nollag.

Foireann Shinsir ag bailiú airgid
Created : 19 Dec 2024, 2:50 PM
Archived : 21 Feb 2025, 12:00 AM

Beidh an fhoireann sinsir ag bailiú airgid an Domhnach beag seo, an 22ú ar mhaithe leis an bhfoireann.  Beidh siad timpeall an Daingin ag bailiú, coimeád súil amach dóibh.  Cluiche 1/4 Ceannais Chorn Uí Mhuirí ar an 15ú Eanáir.  Go n-éirí go geal leo!

Ranganna Oíche
Created : 19 Dec 2024, 12:53 PM
Archived : 19 Feb 2025, 12:00 AM

Ranganna Oíche Mí Eanáir.

MRB 1 do bhl.2
Created : 19 Dec 2024, 12:43 PM
Archived : 19 Feb 2025, 12:00 AM

Bhí obair iontach á dhéanamh ag ranganna Eac Bhaile bl2. Bhíodar ag díriú isteach ar scileanna fuála agus t-léine Nollag a uaschúrsáil.  An té nach gcuirfidh greim, cuirfidh sé dhá ghreim!

Scátáil bl5
Created : 19 Dec 2024, 12:23 PM
Archived : 19 Feb 2025, 12:00 AM

Bhí lá fén dtor ag bl5 ar an rinc scátála i gCill Airne. Cé gur thosaigh siad le céimeanna cúramacha, d’fhás a muinín agus de réir a chéile ní fada ná go raibh rincí galánta agus titimí gealgáireacha ar an oighear. Cruthaíodh cuimhní deasa iontacha a mhairfidh i bhfad!

Bailiúchán SVP
Created : 18 Dec 2024, 4:16 PM
Archived : 18 Feb 2025, 12:00 AM

Táimid thar a bheith bródúil as daltaí bl2 a chuaigh amach inné agus é ina chlagar báistí ag bailiú ar mhaith le Naomh Uinseann de Pól.  Táimid fíor bhuíoch do mhuintir na leithinse a thug go fial, flaithiúil, croíúil mar gur bailíoch €3831.25!  Buíochas leis le Berney de Brún a d'eagraigh é.  Nach diail an baile é!!!!

Comórtas Labhairt na Gaelainne
Created : 18 Dec 2024, 1:17 PM
Archived : 18 Feb 2025, 12:00 AM

Comórtas Labhairt na Gaelainne 32.png 32.png32.png 32.png

Tá spotduais na seachtaine, dearbhán do Centra agus ticéad go dtí an chéad Laochra Am Lóin eile buaite ag Sarah Ní hAllaráin i mBliain 5. Buíochas le Chloe Breathnach Edward agus Eilís Nic Gearailt a d'eagraigh an crannchur.
 
 
Róbaí Snámha
Created : 18 Dec 2024, 1:10 PM
Archived : 18 Feb 2025, 12:00 AM

Daltaí na Pobalscoile ag triailt ar a gcuid róbaí snámha inniu tar éis iad a fháilt ó LilyMais. Díreach in am don snámh Lá Nollag!

 
 
Cóisir bheag bhríomhar.
Created : 18 Dec 2024, 1:05 PM
Archived : 18 Feb 2025, 12:00 AM

Bhí cóisir bheag bhríomhar ag 1D le déanaí.  Sí an Nollaig í!