Displaying 101-110 of 1085 results.
Cispheil na gCailíní faoi 16 B
Created : 24 Nov 2023, 10:11 AM
Archived : 24 Jan 2024, 12:00 AM

Comhghairdeachas le foireann na gcailíní faoi 16 a bhuaigh a gcluiche i gcoinne Meánscoil na Toirbhirte, Lios Tuathail inné. Tá siad cáilithe anois don gcluiche leathcheannais a bheidh ar súil an tseachtain seo chugainn i gcoinne Cnoc na Labhras, Luimneach.  Go n-éirí go geal libh 32.png

Taispeántas Gairme in Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan i dTrá Lí inniu.
Created : 23 Nov 2023, 5:23 PM
Archived : 23 Jan 2024, 12:00 AM
Daltaí na cúigiú bliana a bhí i láthair ag an taispeántas gairme a bhí ar siúl in Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan (MTU) inniu. Bhí na daltaí breá sásta leis an bpacáiste eolais; Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge a fuaireadar ag seastán COGG.

 

 
Corn Uí Mhuirí
Created : 23 Nov 2023, 4:53 PM
Archived : 23 Jan 2024, 12:00 AM

Beidh ár bhfoireann sinsear ag tabhairt aghaidh ar Chnoc an tSeabhaic i nGort C.L.G Lios Póil ag a12:30 i.n.amárach. Bígí ann! 

 

Lá Folláine agus Feasacht Teanga le Bliain 1.
Created : 23 Nov 2023, 4:42 PM
Archived : 23 Jan 2024, 12:00 AM

Seo í An Ghaeltacht an teachtaireacht a bhí ag daltaí na céad bliana ag an Lá Folláine agus Feasacht Teanga a bhí eagraithe ag an scoil i gcomhar le Tobar Dhuibhne dóibh inné.  Ár mbuíochas le Tobar Dhuibhne as a bheith i lathair ag an ócáid agus a bhronn mála duaiseanna orainn don mbiongó agus an zumba!  Bhain na daltaí ana thaitneamh as an lá.

Buíochas chomh maith le Niamh Nic Dhomhnaill (Coiste Gaelainne), Ríona Ní Ghealbháin agus ceannairí na scoile a chabhraigh linn.
Gradam Ghlór na nGael.
Created : 23 Nov 2023, 9:42 AM
Archived : 23 Jan 2024, 12:00 AM
Bronnadh gradam Fiontraí Óg na bliana sa rannóg idir dhá bhliain d'éag agus ocht mbliana d'éag ar Ruairí Ó hÓgáin, Diarmuid Ó Séaghdha, Leo De Brún agus Cathal Ó Dufaigh as ucht a gcluiche tráth na gceist, Fíricí Fánacha atá forbartha acu.
 
Ruairí Ó hÓgáin  le Cathaoirleach Ghlór na nGael, Pat Carey agus Mary Kennedy a bhronn an gradam air ag searmanas bronnta i bPáirc an Chrócaigh le déanaí.  Comhghairdeachas libh.
 
Laochra Am Lóin #2
Created : 21 Nov 2023, 5:25 PM
Archived : 21 Jan 2024, 12:00 AM
Bhain na daltaí seo a leanas súp as Laochra Am Lóin inniu: Killian Mac Gearailt,  Ali Ó Rodaigh, Sadhbh Nic Fhloinn, Seán Maidhc Ó Mainín, Dara Mac a' tSíthigh, James Ó Slattara, Ciara Mac Cafferty & Silva Bates.  Ba é Jamie Ó Flannúra (iarscoláire) a bhí mar aoi-speisialta.  Is múinteoir bunscoile agus láithreoir raidió/teilifíse é Jamie.  Mhínigh sé do na daltaí na deiseanna fostaíochta ar fad atá ar fáil in earnáil na Gaeilge.32.png32.png
Cispheil na mBuachaillí faoi 19.
Created : 21 Nov 2023, 2:40 PM
Archived : 21 Jan 2024, 12:00 AM
Foireann PCD a bhí ag imirt sa chluiche leathcheannais i gcoinne CBS, An tAonach inniu. Níor éirigh leo sa chluiche seo seo agus beidh lá eile acu!
Caid na gCailíní faoi 14 1/2.
Created : 21 Nov 2023, 8:41 AM
Archived : 21 Jan 2024, 12:00 AM
 
Comhghairdeachas le foireann na gcailíní a bhuaigh a gcluiche i gcoinne an Neidín innu! 32.png32.png
 
Seachtain na hEolaíochta.
Created : 20 Nov 2023, 11:03 AM
Archived : 20 Jan 2024, 12:00 AM

Bl.1 i mbun Tráth na gCeist le haghaidh Seachtain na hEolaíochta. 32.png32.png

Seachtain na hEolaíochta
Created : 20 Nov 2023, 11:01 AM
Archived : 20 Jan 2024, 12:00 AM

Ghlac daltaí ón 6ú bliain páirt i dTráth na gCeist Eolaíochta i dTrá Lí le haghaidh Seachtain na hEolaíochta le déanaí. 32.png32.png32.png32.png