Displaying 131-140 of 1085 results.
Corn Uí Bhriain, faoi 19
Created : 24 Oct 2023, 12:49 PM
Archived : 24 Dec 2023, 12:00 AM

D'éirigh le foireann rugbaí PCD an bua a bheith acu in aghaidh Tairbeart inné. Comhghairdeachas libh! 

 

Turas go dtí an Spáinn
Created : 24 Oct 2023, 12:46 PM
Archived : 24 Dec 2023, 12:00 AM

Chuaigh daltaí na Pobalscoile ar thuras go dtí Barcelona na Spáinne an mhí seo caite.  Chuadar go La Sagrada FamilliaLas Ramblas, Músaem Eolaíochta Cosmo Caixa, Páirc Spraoi Port Aventura agus go dtí Mainistir Montserrat. Bhain na daltaí an-taitneamh as an turas.

Shine a Light
Created : 20 Oct 2023, 7:52 PM
Archived : 20 Dec 2023, 12:00 AM

Comhghairdeachas le daltaí na hIdirbhliana a bhailigh €3,430 ar mhaithe le Focus Ireland an tseachtain seo caite. 
Comórtas Labhairt na Gaelainne
Created : 20 Oct 2023, 1:16 PM
Archived : 20 Dec 2023, 12:00 AM

Tá spotduais na seachtaine, dearbhán do cheaintín na scoile agus Ticéad go dtí an chéad Laochra Am Lóin eile an mhí seo chugainn buaite ag Ciara Mc Cafferty i mBliain 2.  Buíochas le Tom Ó Neachtain (Coiste Gaelainne) a dhein an tarrac ar maidin.

 32.png 32.png32.png  32.png

 
Seachtain na Matamaitice 2023
Created : 20 Oct 2023, 1:01 PM
Archived : 20 Dec 2023, 12:00 AM
 
Bhain daltaí Bhliain 3 taitneamh as an tóraíocht taisce Mata a bhí eagraithe le linn Sheachtain na Matamaitice le déanaí 32.png32.png32.png32.png 
Caid na gCailíní faoi 14.5
Created : 20 Oct 2023, 12:57 PM
Archived : 20 Dec 2023, 12:00 AM
  
Bhí an-chluiche ag na cailíní inné i bhFosadh. D'éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Choláiste Pobail Bheanntraí. Comhghairdeachas libh 32.png
Cairde ar an bPeann i bhfochair a chéile.
Created : 20 Oct 2023, 12:25 PM
Archived : 20 Dec 2023, 12:00 AM
  
Tháinig 47 scoláire (Bliain 2) ó Ghaelcholáiste Thrá Lí ar chuairt chugainn le déanaí. Bhí na daltaí ag scríobh litreacha go dtí a chéile roimhré. 32.png32.png
 
Eagraíodh céilí agus rince seite don dá scoil le chéile ar an Déardaoin agus dhein DJ Nat zumba leo sa halla ar an Aoine. Bhí ana chúpla lá acu i dteannta chéile. 32.png32.png
 
Tomás Ó Lúing
Created : 20 Oct 2023, 11:31 AM
Archived : 20 Dec 2023, 12:00 AM

 

Tháinig Tomás Ó Lúing chun cainte le rang Ardteiste le déanaí.  Foghlaimíodh nathanna deasa cainte ar nós: 

Chomh díomhaoin le lúidín an phíobaire
 
Ní ar an gcloch tráite atán tú 
 
Thugais iasacht na roilleoige dhó agus a thuilleadh nach iad.
Torthaí an Teastais Shóisearaigh
Created : 18 Oct 2023, 11:21 AM
Archived : 18 Dec 2023, 12:00 AM

 

Comhghairdeachas ó chroí libh ar fad as na torthaí iontacha atá faighte agaibh ar maidin.

 
As an obair a fhaightear an fhoghlaim! 32.png32.png
Laochra Am Lóin #1
Created : 18 Oct 2023, 11:02 AM
Archived : 18 Dec 2023, 12:00 AM

Ba í Róisín Ní Chéileachair a bhí linn mar aoi-speisialta don chéad Laochra Am Lóin i mbliana a bhí eagraithe ag Tobar Dhuibhne dúinn.

 
Is craoltóir í Róisín agus tá sí ag obair sa tseomra nuachta i Raidió na Gaeltachta ar bhóthar na Léinsí.  Is í a chuireann an clár Togha agus Rogha i láthair chomh maith. Thug sí léiriú an-spéisiúil ar an méid atá bainte amach ina saol oibre go dtí seo.  Is amhránaí agus aisteoir den scoth í Róisín agus bhí sí páirteach in Electric Picnic i mbliana fiú!  Bhain na daltaí an-taitneamh as a bheith ag éisteacht léi.32.png32.png