Displaying 91-100 of 1062 results.
Oireachtas na Samhna 2023
Created : 13 Nov 2023, 12:49 PM
Archived : 15 Jan 2024, 12:00 AM
Ba mhaith linn tréaslú leis na daltaí seo a leanas a ghlac páirt san Oireachtas i mbliana.
 
Róisín Ní Ógáin agus Seán Dalby a bhain an chéad áit amach leis an Agallamh Beirte, Buairt & Clampar i dTigh Bheití & Muiris.
 
Róisín Ní Ógáin a bhain an chéad áit amach san Aithriseoireacht chomh maith.
 
Sadhbh Nic Fhloinn a chan Amhrán na Leabhar sa Chomórtas Amhránaíochta faoi 12.
 
Seán Ó Mainín a ghlac páirt sa Chomórtas Scéalaíochta leis an scéal Dónall Dubh.
 
Cillian Ó Dálaigh a ghlac páirt sa Chomórtas Scéalaíochta (As láthair).
 
Luke Ó Beaglaoi agus Jason Ó Grifín (As láthair)  a ghlac páirt sa Chomórtas Agallamh Beirte le Obair Bhaile.
 
Éimhín Dalby & Sibéal Ní Shéaghdha a ghlac páirt sa Chomórtas Agallamh Beirte le Nain agus Gráinne.
 
Comhghairdeachas libh go léir, táimid an-mhórálach asaibh go léir.  Bail Ó Dhia oraibh.
Bonn Óir buaite ag Mattias Ó Coileáin sa snámh!
Created : 14 Nov 2023, 8:37 AM
Archived : 14 Jan 2024, 12:00 AM

Comhghairdeachas le Mattias Ó Coileáin, Bl.2 a tháinig sa chéad áit i gComórtas Snámha Scoileanna Sinsir na Mumhan sa snámh droma 100m na bhfear ag an deireadh seachtaine. Comghairdeachas Mattias! 32.png32.png32.png32.png

 
Seó Bóthair
Created : 13 Nov 2023, 4:41 PM
Archived : 14 Jan 2024, 12:00 AM

Thug an Seó Bóthair cuairt ar rang na hIdirbhliana ar an gCéadaoin.  Spreagann an cheardlann idirghníomhach seo daltaí a chur ag smaoineamh faoi na deiseanna fostaíochta agus cúrsaí tríú leibhéal atá ar fáil. Bhain na daltaí an-taitneamh as an gceardlann!

Turas go Dún Chaoin leis an Idirbhliain
Created : 13 Nov 2023, 12:55 PM
Archived : 14 Jan 2024, 12:00 AM

Chuaigh na ranganna Gaeilge i mBliain 4 ar thuras go Dún Chaoin le déanaí . Dheineadar Siúlóid na Cille agus chaitheadar cúpla uair an chloig in Ionad an Bhlascaoid.

 
Cork Pops
Created : 13 Nov 2023, 2:33 PM
Archived : 13 Jan 2024, 12:00 AM
 
Bhain Bliain a 1 an-taitneamh as a dturas go dtí Ceolchoirm Cork Pops a bhí ar siúl i gCorcaigh le déanaí. 72.png72.png
Comórtas Labhairt na Gaelainne
Created : 10 Nov 2023, 1:55 PM
Archived : 13 Jan 2024, 12:00 AM

Tá spotduais na seachtaine, dearbhán do cheaintín na scoile agus ticéad go dtí an chéad  Laochra Am Lóin  eile buaite ag Killian Mac Gearailt i mBliain 1.  Buíochas le Jay agus Joe Ó Laighléis a chabhraigh le Tom Ó Neachtain agus Niamh Nic Dhomhnaill (Coiste Gaelainne) leis an tarrac maidin inniu.        

Seachtain Feasacha 'Seas Suas' ón 6 - 10 Samhain
Created : 10 Nov 2023, 12:22 PM
Archived : 10 Jan 2024, 12:00 AM

Teastaíonn uainn go mbraithfeadh gach uile duine inár scoil sábháilte, cothrom lena chéile agus go léireófaí ardmheas dá chéile sa scoil i gcónaí.

I dteannta chéile is fearr sin.

Seachtain Feasachta 'Seas Suas'
Created : 09 Nov 2023, 1:14 PM
Archived : 09 Jan 2024, 12:00 AM
 
D'eagraigh an Coiste Meabhairshláinte i mBliain 4 seisiún ealaíne lasmuigh le Bliain 1 mar chuid den bhfeachtas feasachta 'Seas Suas'.
Oireachtas na Samhna
Created : 09 Nov 2023, 1:12 PM
Archived : 09 Jan 2024, 12:00 AM

 

Ba mhaith linn tréaslú le gach éinne dár ndaltaí a ghlac páirt san Oireachtas i mbliana agus buíochas a ghabháil leis na múinteoirí a chabhraigh leo.32.png

Comhairle na nÓg
Created : 07 Nov 2023, 6:20 PM
Archived : 07 Jan 2024, 12:00 AM
 
D'fhreastal Daire Ó Faoláin, Saoirse Beth Ní Chlumháin, Konrad Kopec, Ash Nic Gabhann ó Bhl. 2 agus Ríona Ní Ghealbháin agus Katie Ní Éanacháin ó Bhl.4 thar ceann na scoile ar chruinniú bliantúil Chomhairle na nÓg Chiarraí in Óstán an Brandon inniu.