Displaying 51-60 of 1280 results.
Ailtireacht i UCC
Created : 06 Dec 2024, 9:34 AM
Archived : 06 Feb 2025, 12:00 AM
Thug Shona Ní Raghaill agus Éabha Ní Chinnéide ó bhl.5 turas ar Choláiste na hOllscoile Corcaigh le déanaí chun cúrsa ailtireachta a fhiosrú. Bhíodar ana thógtha ar fad leis. Is fiú a bheith fiosrach!
Taise Carlo Acutis ar chuairt go dtí PCD
Created : 22 Nov 2024, 2:22 PM
Archived : 06 Feb 2025, 12:00 AM
Tháinig taise Carlo Acutis ar chuairt go dtí PCD inniu. Bhailigh an scoil go léir i bhforhalla na scoile ag éisteacht leis an sagart paróiste Eoghan Ó Cadhla & an Moinsíneoir Anthony Figueiredo, atá ag taisteal leis an taise chomh maith le Gwen Wiseman. Bhí deis ag na daltaí & múineoirí achainí a lorg nó paidir a rá go príobháideach. Canónófar Carlo Acutis i mí Aibreáin 2025.
Lá Folláine agus Feasachta Gaelainne
Created : 05 Dec 2024, 9:43 AM
Archived : 05 Feb 2025, 12:00 AM
Lá Folláine agus Feasachta Gaelainne le Bliain 1 i gcomhar le Tobar Dhuibhne
Eagraíodh Lá Folláine agus Feasachta Gaelainne do Bhliain 1 ar scoil inné. Is lá é a nascann labhairt na Gaeilge le lá folláine sa scoil. I measc na himeachtaí a bhí eagraithe dóibh: seisiún HITT, biongó, rang ióga, comórtas póstaer, seisiún zumba agus a thuilleadh nach iad.
Bhí ana chuileachta acu. Ár mbuíochas le Barry agus Éimhín ó Thobar Dhuibhne a chaith an lá inár measc.
Ba í Bea Ní Loingsigh a bhuaigh an príomhdhuais sa chomórtas póstaer.
Buíochas leis an gCoiste Gaelainne a chabhraigh linn an comórtas seo a eagrú.
Gaelainn labhartha, Pobal Nasctha.
Scoil Ghaeltachta PCD.
Created : 05 Dec 2024, 8:50 AM
Archived : 05 Feb 2025, 12:00 AM
Seo í An Ghaeltacht agus is Scoil Ghaeltachta í PCD.
Teachtaireacht láidir ó dhaltaí na Pobalscoile ar lá ana speisialta nuair a nochtadh an comhartha aitheantais, Scoil Ghaeltachta, a bronnadh ar an scoil le déanaí, go hoifigiúil lasmuigh den scoil.
Ár mbuíochas le Ruairí Ó hÓgáin (Coiste Gaelainne) agus Marie Ní Éimhín a chabhraigh linn.
Le linn na hócáide, bhronn Barry Ó Siochrú (Oifigeach Pleanála Teanga le Tobar Dhuibhne) gradaim, Gaisce na Gaeltachta ar Ruairí Ó hÓgáin agus Tom Ó Neachtain. Comhghairdeachas libh, bail ó Dhia oraibh.
Taispeántas Ealaíne Lone
Created : 04 Dec 2024, 9:04 PM
Archived : 04 Feb 2025, 12:00 AM
Thug rang 3D cuairt ar thaispeántas ealaíne Lone Uí Raghallaigh. Thugadar ardmholadh dó agus spreag sé iad go healaíonta. Tá saothar ealaíne ghleoite sa taispeántas.
Ceardlann Cheoil le Luan Parle
Created : 04 Dec 2024, 6:53 PM
Archived : 04 Feb 2025, 12:00 AM
Bhí deis iontach ag daltaí ceoil PCD inniu freastail ar cheardlann a bhí urraithe ag IMRO. D'fhreastail daltaí ceoil ó bhl2 go 6 ar cheardlann scríbhneoireachta a thug Luan Parle, an t-amhránaí is scríbhneoir Éireannach go bhfuil clú agus cáil bainte amach aici. Mar pháirt don gceardlann chuir Luan faoi agallamh ár laoch ceoil áitiúil Sorcha Durham, chum na daltaí amhrán nua, agus sheinn Luan agus Sorcha le chéile. Tá PCD fíorbhuíoch do IMRO, do Luan, do Shorcha, do na daltaí agus na múinteoirí ceoil. Ní neart go cur le chéile!
Fógra Aos Oideachais
Created : 04 Dec 2024, 10:15 AM
Archived : 04 Feb 2025, 12:00 AM
Camphill & St John of God
Created : 03 Dec 2024, 9:38 PM
Archived : 04 Feb 2025, 12:00 AM
Cuairteoirí rialta go PCD ó Camphill agus St.John of God Tobar Eoin. Bhí gáire geal ar gach duine ag cóisir na Nollag inné. Buíochas le Berney De Brún, Máire Uí Ghrifín, Marie Ní Arrachtáin, Sarah Ní Loingsigh agus bl4. Sí an Nollaig í!!!!
Other Voices PCD
Created : 03 Dec 2024, 8:48 PM
Archived : 03 Feb 2025, 12:00 AM
Maireann croí éadrom i bhfad agus bhí croí gach duine éadrom ag éisteacht le daltaí PCD ag seinm ceoil ag gig Other Voices. Mo cheol sibh!
An tIonad Barr Feabhais
Created : 02 Dec 2024, 4:50 PM
Archived : 02 Feb 2025, 12:00 AM
Bhí an t-adh dearg le foireann F15 le déanaí a chuaigh go hIonad Barr Feabhais CLG Connachta i Maigh Eo. D'imir siad i gcoinne Coláiste Sancta Maria ó Chluain Cearbhán agus Meánscoil Naomh Sheosamh, Baile Charlais. Deis iontach! Bí ag faireadh orthu seo!!