Táimid ana bhuíoch do Danny Farklas ó Elevate Gymnastics a bhí i mbun gleachtaíochta leis na ranganna sinsir le cúpla seachtain anuas. Bail ó Dhia ar an obair!
Tá fuadar faoin bhfiontar i bPCD agus é déanta arís ag daltaí bl4! Duais fiontair, Scéim Fiontraí Óg atá urraithe ag Oifig Fiontair Áitiúil, buaite. Beidh siad ar dul ar aghaidh go dtí An Muileann gCearr do Craobh na hÉireann i mí Bealtaine. Le mór chabhair ón scothfhoireann múinteoirí Trish agus Paula. Tá an todhchaí geal!! Comhghairdeas mór libh ar fad.
Chuir muintir Ghaelcholáiste Chiarraí fáilte mhór roimh daltaí Bl.2 na Pobalscoile nuair a chuamar ar thuras ann inné. Bhí lá íontach acu lán de sparoi agus spórt, idir chispheil, sacar agus tráth na gceist bríomhar, agus iad ag cur aithne ar a chéile. Buíochas le Gaelcholáiste Chiarraí.
Ailtirí mór le rá na todhchaí bl4 anseo i bPCD ag cúrsa ailtireachta le déanaí.
Bhí ana lá ar fad ag bl4 ag meascadh le daltaí ó mheán scoil Naomh Bríd i gCill Airne le déanaí. Ana chraic ar fad!
Comórtas Labhairt na Gaelainne
Laochra Am Lóin
Bhí an t-ádh dearg linn go raibh Dara Ó Cinnéide inár dteannta mar aoi speisialta do Laochra Am Lóin an tseachtain seo caite.
Labhair Dara go paiseanta faoina ghrá don Ghaelainn agus thug sé léargas iontach dúinn ar a shaol spóirt agus gairmiúil.
Bhain na daltaí ana thaitneamh as a bheith ag éisteacht leis.
Séideadh an smúit chun siúil inné nuair a tháinig meánscoileanna na leithinse le chéile i Meán Scoil Nua an Leith Triúigh le Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh. Bhí céilí iontach acu! Buíochas le Meán Scoil Nua an Leith Triúigh.