Tá obair na gcapall ar siúl ag Bl1 agus tionscnaimh adhmaidóireachta á dhéanamh acu. Díreach in am don Nollaig!
Bhí ana lá ar fad ag lucht ATF agus Bl4 ag scátáil! Níor thit aon duine!!! Buíochas le Dia dos na piongainí!!
Nach breá a bheith ag foghlaim in ár ndúthaigh féin! Bhí áilleacht na tuaithe le feiscint le déanaí ag daltaí tíreolaíochta bl6 agus iad ar thuras oideachasúil tíreolaíochta. Bail ó Dhia orthu.
Cluiche eile buaite acu! Taom croí eile! 1-12 go 0-14 i gcoinne De La Salle, Maigh Chromtha! Ar aghaidh anois go dtí na babhtaí ceathrú ceannais tar éis na Nollag. Sos maith tuillte anois! PCD abú!!! Húp!!!
Le déanaí tháinig iardhalta Sinéad Ní Mhuircheartaigh isteach le ceardlann Gruaige agus Scéimhe a thabhairt do rang ATF. Bhain gach duine idir thaitneamh agus thairbhe as. Míle buíochas a Shinéid.
Bhí maidin chaife ar maithe le Cumann Naomh Uinseann de Pól ag ATF bl6 ar maidin. Bhí sé ina Master Chef ar fad! Bhí ana dhúil ag na múinteoirí ann! Táimid ana bhródúil astu!
Tarraingíonn scéal scéal eile! Le déanaí tháinig an scéalaí Tommy Ó Lúing isteach go Bl.2 agus Bl.5. Dúirt sé an scéal a bhuaigh duais an Oireachtais. Lá eile tháinig an bhean feasa Máirín Ní Laoithe Uí Shé isteach go Bl.1 agus Bl.3. Labhair sí ar An Nollaig ar an mBlascaod agus na nósanna a bhí acu i rith na Nollag.
Táimid ar fad ag súil go mór leis an gceann seo! Táimid láidir, táimid tapaigh agus táimid ullamh! Beir bua a leaideanna!
Is breá linn nuair a thagann iarscoláirí ar chuairt chugainn. Inniu tháinig Antaine Ó Séaghdha agus Páidí Mac Gearailt le Scéim na Scol, le seisiún comhairle a chuir ar bhl6 maidir le saol ollscoile & iad ag maireachtaint in Áras Uí Thuama. Táid beirt ag staidéar Dlí & Gaeilge i gCOC. Ina dteanna bhí Caitríóna Breathnach ó Ionad na Gaeilge Labhartha, COC. Bhí seisiún bríomhar ann idir mhagadh, shúgradh agus dáirire. Bhí cluas le héisteacht ar bhl.6!