Ag TechFéile i gceannceathrú Google i mBÁC, bhronn Claire Conneely, Bainisteoir an Chláir Oideachais ag Google an duais "Nuatheicneolaíochtaí" ar Jesse Mac Cárthaigh (Bl 3), Theo Ó Coileáin, Tom Ó Neachtain agus Diarmuid Ó Ciardhubháin (Bl 5) as a dtionscnamh ar Uathoibriú.
Comhghairdeachas leo agus lena múinteoir Seosamh Mac Toirealaigh
Comhghairdeachas le hAna Ní Bhrosnacháin, Órla Ní Chinnéide agus Aoife de Faoite a chuireadh ar ghearrliosta don chomórtas léitheoireachta & foghraíochta Fraincíse. D'éirigh le hAisling Ní Dhubhaigh an chéad áit a bhaint amach sa roinn sinsearach. Félicitations Aisling, bravo!
Tréaslaímid lena gcuid múinteoirí Mary Ní Normaoile, Pádraig Ó Dubhaigh & Amélie Dehaynin agus leis na hiarraitheoirí ar fad ón bPobalscoil
Comhghairdeas leis na scoláirí seo a bhuaigh boinn le déanaí:
Ashton Matthews: bonn óir sa rás 100m faoi 14
Nojus Deimontaite: bonn airgid sa Léim Ard faoi 14
Annabelle Úi Uigín bonn airgid sa Léim Fhada faoi 15
Kieran Ó Catháin bonn óir sa chaitheamh meáchain agus i gcaitheamh na teisce
Bhí an-lá ag PCD ann!
Comhghairdeas le Cian Ó Gallchobhair a bhuaigh an dara háit sa chatagóir nuachta de chuid Press Pass, lena alt suimiúil ar dhíolachán talúin ar Bhóthar na Conarach
Tugadh aitheantas don obair iontach a dhein ár scoláirí idirbhliana sa rang Físe le Pádraig Ó Dubhaigh ar phodchraoltaí, grianghrafanna, dearadh agus físeanna. Ach go h-áirithe do Kate Ní Shúilleabháin a ainmníodh don duais Dearaidh le haghaidh 'Smugairle Rón' agus Rónán Ó Cathail a ainmníodh don duais Físe do 'Cluiche Crua.'
Tugadh aitheantas don obair iontach a dhein ár scoláirí idirbhliana sa rang Físe le Pádraig Ó Dubhaigh ar phodchraoltaí, grianghrafanna, dearadh agus físeanna. Ach go h-áirithe do Kate Ní Shúilleabháin a ainmníodh don duais Dearaidh le haghaidh 'Smugairle Rón' agus Rónán Ó Cathail a ainmníodh don duais Físe do 'Cluiche Crua.'
Bhronn Claire Conneely, Bainisteoir an Chláir Oideachais ag Google an duais Nuatheicneolaíochtaí ar Jesse Mac Cárthaigh (Bl 3), Theo ó Coileáin, Tom Neachtain agus Diarmuid ó Ciardhubháin (Bl 5) as a dtionscnamh ar Uathoibriú.
Maraon leo siúd, tá creidiúnt le dul dos na hiontrálaithe iontacha eile ó Bhliain 4 a raibh san iomaíocht:
Séamus Ó Grifín – Fís: Darts
Clodagh Nic Gearailt – Dearadh: Wolves in the Rain
Kate Ní Shúilleabháin – Fís: Thar Oíche
Ellie Nic Gearailt – Fís: Thar Oíche, Fuaim: Fíricí na Farraige
Mairéad Ní Dhubhaigh Fís: Thar Oíche, Fuaim: Fiosrú Fuaime, Grianghrafanna
Ár mbuíochas chomh maith lenár n-iar-scoláire, Antaine Ó Séaghdha, atá ag obair do Kinia agus a raibh ag cabhrú linn le cúrsaí eagrúcháín.
Comhghairdeas le Pádraig Ó Dubhaigh a bhí ainmnithe don duais Oideachasóir na Bliana.
Bhí lá iontach ag ár scoláirí ag TechFéile2024 i gCeannceathrú Google ar Ché na Canálach Móire in mBÁC an Aoine seo a d'imigh tharainn. Comhghairdeachas le Ali Aledinov agus Isa Aledinov (Bl. 4) a bhuaigh Rás na gCairteacha Hidrigine (H2GP).
Beidh Cluiche Ceannais na Mumhan ar siúl amárach, an 14ú Bealtaine, i bPáirc Virgin Media, Corcaigh (Musgrave) @ 12:00 meán lae.
Beidh Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag tabhairt aghaidh ar Scoil Phobail Chionn tSáile.
Tacaígí leo!
Comhghairdeas le buachaillí na Pobalscoile a bhuaigh Sciath Giles le scór Pobalscoil Chorca Dhuibhne 26, An tAonach 17
Thug foireann cispheile na gcailíní ana thaispeántas uathu i mBaile Átha Cliath inniu. Bhí trí chluiche acu agus bhuadar gach ceann díobh. Bhuadar ar St. Andrew’s, Baile Átha Cliath sa chéad chluiche agus ar Choláiste Pobail Ghleann Maghair, Corcaigh sa tarna cluiche. Cluiche cothrom a bhí idir PCD agus Ardscoil na Mara, An Trá Mhór le scór PCD 34, Ardscoil na Mara 31. Bhíodar go hiontach agus táimid ana mhórálach astu. Tá siad cáilithe anois do leathchraobh na hÉireann a bheidh ar súil san Arena i dTamhlacht Dé Máirt seo chugainn. Nár laga Dia sibh!