Displaying 801-810 of 897 results.
Príomhoide nua ceaptha
Created : 20 Jun 2018, 9:32 AM
Archived : 20 Aug 2018, 12:00 AM
Cúis áthais dúinn a chur in iúl go bhfuil an tUas Éamonn Mac Muiris ceaptha ina Phríomhoide ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne ó 1/9/18. Ag guí gach rath air.
Idirbhliain 2018-2019 / TY Programme 2018-2019,
Created : 13 Jun 2018, 4:57 PM
Archived : 13 Aug 2018, 12:00 AM
Mar eolas: Scoláirí na 3ú bliana a chuaigh faoi agallamh le deanaí, ba mhaith linn a chur in iúl daoibh go bhfuil áit bainte amach acu i rang na hIdirbhliana 2018-2019.
For your information: 3rd year students that attended interview recently, we are delighted to inform them that they achieved a place in the Transition Year Class 2018-2019.
Lúthchleasaíocht – Craobh na hÉireann, Bealtaine 2017
Created : 06 Jun 2018, 9:19 AM
Archived : 06 Aug 2018, 12:00 AM
Tá Craobh na hÉireann buaite ag Katelyn Reid i gCaitheamh na Sleá. Comhghairdeachas leat a Katelyn!
Tuismitheoirí/Parents
Created : 05 Jun 2018, 4:09 PM
Archived : 05 Aug 2018, 12:00 AM
Go n-éirí go geal le scoláirí an Teastas Shóisirigh agus na hArdteiste.
Wishing our Junior and Leaving Cert students all the best in their upcoming exams.
Clár Goalmine / Goalmine programme
Created : 05 Jun 2018, 4:01 PM
Archived : 05 Aug 2018, 12:00 AM
Cúrsa Clár Goalmine i bPobalscoil Chorca Dhuibhne, 25/6/2018 - 29/6/2018 óna 9.30r,n. - 2.30i.n. Líon spásanna teoranta. Tuilleadh eolais ar fáil ó 066-7144229 nó info @ creancentre.com.
Goalmine programme will be held in Pobalscoil Chorca Dhuibhne, 25/6/2018 - 29/6/2018 from 9.30am -2.30p.m. Limited spaces. To book or for more information contact 066-7144229 or info@creancentre.com.
An Ghaelbhratach
Created : 28 May 2018, 12:20 PM
Archived : 28 Jul 2018, 12:00 AM
Tá an Ghaelbhratach bainte amach arís againn don 5ú bliain as a chéile. Chuaigh grúpa daltaí go Baile Átha Cliath don mbronnadh ar an Máirt 22 Bealtaine, 2018
Sparántacht Oideachais, Comhar Chreidmheasa Chorca Dhuibhne
Created : 25 May 2018, 11:53 AM
Archived : 25 Jul 2018, 12:00 AM
Brú Columbanus
Created : 24 May 2018, 11:41 AM
Archived : 24 Jul 2018, 12:00 AM
Bhronn John Ó Conchúir agus a iníon Ciara €5,480 ar Bhrú Columbanus uathu féin agus ó phobal Chorca Dhuibhne Dé hAoine seo caite, in onóir d'Aodán Ó Conchúir. Táimid ana-bhuíoch do gach duine a tháinig go dtí an oíche Bingó.
Ócáid Cheiliúrtha do Phádraig Firtéar
Created : 24 May 2018, 11:36 AM
Archived : 24 Jul 2018, 12:00 AM
Bhí ócaid ana-speisialta againn sa scoil Dé Máirt, 22 Bealtaine in omós dar bPríomhoide Pádraig Firtéar atá ag éirí as i mbliana. Dheineamar an t-eagrúchán ar fad faoi rún agus fuair sé preab nuair a chonaic sé an stáitse amuigh sa chlós agus na daltaí agus na múinteoirí ar fad,a chlann féin agus daoine eile ón bpobal agus ón mBord Bainistíochta amuigh ag fanacht leis,
Sheinn na daltaí píosa ceoil nua-chumtha don ócáid agus labhair Sadie Ní Ghrifín agus Eoin Ó Muircheartaigh ar son na ndaltaí agus labhair Donncha Ceilleachair ar son na foirne. Labhair an leas-phríomhoide, Elaine Ní Loingsigh chomh maith. Dhein Bliain 1 bronnadh ar Phádraig. Bhí píosa potadóireachta déanta acu sa rang ealaíne dó. Cuireadh crann amuigh sa ghairdín agus nochtadh leac a bhí déanta go speisialta don ócáid ag gabháil buíochais leis as an 43 bliain atá caite aige leis an oideachas.
Go n-éirí go geal leat agus tú ar scor, a Phádraig!
Tuismitheoirí/Parents
Created : 22 May 2018, 3:34 PM
Archived : 22 Jul 2018, 12:00 AM
Oíche cheiliúrtha na hIdirbhliana, Dé Céadaoin, 23-5-2018 @ 7.00. Éide scoile go hiomlán le bheith ar na scolairí go léir.
TY award night, Wednesday, 23-5-2018 @7.00pm. Full uniform to be worn by all students.