Displaying 1051-1060 of 1062 results.
Craobh an chomórtais SIANSA i dTiobraid Árann
Created : 10 Feb 2017, 12:42 PM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Go n-éirí go geal le grúpa Ceoil Uirlise (sinsear) i gCraobh an chomórtais SIANSA i dTiobraid Árann, Dé Sathairn, Feabhra 11, 2017 - Máirtín Ó Cathasaigh, Ciarán Mac Gearailt, Tríona Ní Shúilleabháin, Aibhin Starr Ní Bheaglaoich, Eoghan Mac Gearailt agus Liam Ó Beaglaoich
Treoirchomhairleoireacht: Scoláireachtaí Quercus
Created : 03 Feb 2017, 12:21 PM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Bhí Brendan Tuohy inár láthair inniu ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh chun treoir a chur ar dhaltaí i mBliain 6 maidir le foirmeacha iontrála don Scoláireacht Quercus a líonadh isteach. Baineann na scoláireachtaí le ana-chuid réimsí éagsúla buanna - ceol, rince, spórt, acadúlacht, fiontraíocht ina measc. Táimid ana-bhuíoch do Bhrendan as a chuid comhairle.
Fáilte roimh an Aire Stáit Gaeltachta, Seán Kyne
Created : 03 Feb 2017, 10:23 AM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Fearaimid fíor-chaoin fáilte roimh an Aire Stáit Gaeltachta chuig ár scoil inniu. Is mór againn tacaíocht na Roinne Gaeltachta i gcónaí agus sinn ag cur ár gcultúr agus ár dteanga chun cinn.
Bús ceoil ag Scléip!
Created : 03 Feb 2017, 10:19 AM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
D'éirigh go diail le daltaí PCD i gCluain Tarbh i mBÁC. Comórtas ceoil, rince agus cruthaitheachta is ea Scléip. Bhuaigh Ben Mac Eoin an chéad áit sa Cheol Aonair Comhaimseartha (Sóisear) agus bhuaigh Clodagh Ní Shúilleabháin sa chomórtas Rince Cruthaitheach Aonair (Sinsear). Táimid ana-bhródúil astu agus as na daltaí ar fad ón scoil a ghlac páirt!
Comórtas Fiontraíochta, Bliain 4
Created : 26 Jan 2017, 2:12 PM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Beidh 4 scoil ag glacadh páirte sa chraobh réigiúnach den gComórtas Fiontraíochta i bPCD ar an Luan 27 Feabhra. Is iad san PCD, Coláiste Íde, Béal Átha an Ghaorthaidh agus An Rinn.
Díospóireacht Uí Chadhain
Created : 21 Dec 2016, 11:49 AM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Comhghairdeachas leis na foirne díospóireachta a ghlac páirt sa chraobh réigiúnach de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain le déanaí. Tá an fhoireann sinsir ag dul ar aghaidh go Craobh na hÉireann ag deireadh mhí Eanáir 2017.
Corn Uí Shúilleabháin
Created : 26 Oct 2016, 3:11 PM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
PCD 2-12 Cill Airne 1-16
Corn UÍ Shúilleabháin
Created : 26 Oct 2016, 2:22 PM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Leath-am PCD 1-06 Cill Airne 1-07
Scoil Cothaithe Sláinte
Created : 27 Sep 2016, 12:37 PM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Tá Pobalscoil Chorca Dhuibhne ar an scoil is déanaí a fuair an Brat ‘Scoil Cothaithe Sláinte’ ón HSE. Is Brat é seo a bhronnann an HSE ar scoileanna mar aitheantas ar an obair a dhéanann siad ag cur sláinte phobal na scoile chun cinn.
Scoláireacht
Created : 26 Sep 2016, 4:38 PM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Bunaíodh Scéim Naughton sa bhliain 2008 chun tacú agus cur le staidéar ar an Eolaíocht, Innealtóireacht, Teicneolaíocht agus Matamaitic ag an 3ú leibhéal in Éirinn. I mbliana, bhronn Fondúireacht Naughton 35 scoláireacht ar shár-scoláirí ó na fiche sé contae in Éirinn. Bronnadh ar a laghad ceann ar scoláire amháin ó gach contae. Bronnadh scoláireacht acu seo ar Mhuireann de hÓra ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis. Is fiú €5,000 sa bhliain é faid is a bheidh sí ag staidéar dá bunchéim. Bronnadh €1,000 ar an bPobalscoil i dtreo treallaimh do shaotharlann Eolaíochta na scoile.