Displaying 381-390 of 1289 results.
Leathmharatón an Daingin 2023
Created : 02 Sep 2023, 9:09 PM
Archived : 05 Nov 2023, 12:00 AM

Comhghairdeachas ó chroí le Ciara Ní Shé, Sibéal Ní Ógáin agus David Ó Catháin a chríochnaigh an leathmharatón i bparóiste na gréine, Dún Chaoin.

Teagascóirí Aos Oideachais ag teastáil /Adult Education Tutors required
Created : 25 Aug 2023, 12:34 PM
Archived : 25 Oct 2023, 12:00 AM

 Déan teagmháil ar 087-7951743 nó sf@pcd07.ie

Go n-éirí go geal le Rang na hArdteiste 2023 inniu!
Created : 25 Aug 2023, 9:39 AM
Archived : 25 Oct 2023, 12:00 AM
Bliain 1, 2023. Fáilte!
Created : 25 Aug 2023, 9:33 AM
Archived : 25 Oct 2023, 12:00 AM

Ba mhór againn fáilte mhór a chur roimis ár scoláirí nua i mBl.1 a thosaigh linn maidin inniu.

Máire-Eilís i bPáirc an Chrócaigh inniu!
Created : 13 Aug 2023, 4:00 PM
Archived : 13 Oct 2023, 12:00 AM
Cluiche Ceannais Pheil na mBan 2023. Máire-Eilís Nic Gearailt, ó bhliain a haon, ag tabhairt amach an liathróid caide go dtí an réiteoir! Go n-éirí go geal le Niamh agus Louise agus leis an bhfoireann uile.
Cluiche Ceannais Pheil na mBan 2023 - Máire-Eilís ag tabhairt amach an liathróid caide go dtí an réiteoir!
Created : 10 Aug 2023, 3:21 PM
Archived : 10 Oct 2023, 12:00 AM

Go n-éirí le Louise agus le Niamh, iarscoláirí dár gcuid, atá ag imirt le foireann Chiarraí i bPáirc an Chrócaigh sa Cluiche Ceannais. 

 

Beidh Máire-Eilís Nic Gearailt, ó bhliain a haon, 'Mini Louise,' ag tabhairt amach an liathróid caide go dtí an réiteoir Dé Domhnaigh! 

 

Go n-éirí go geal libh agus leis an bhfoireann uile. Ciarraí abú!

 

Comhghairdeachas le Hannah Nic Gearailt agus le Sadhbh Ní Shlattara!
Created : 10 Jul 2023, 12:30 PM
Archived : 10 Oct 2023, 12:00 AM

Cluiche leathcheannais na hÉireann faoi 16B!

Comhghairdeachas le Hannah Nic Gearailt agus le Sadhbh Ní Shlattara ó Bhliain a 3 a bhí ar fhoireann bhuacach cailíní Ciarraí faoi 16 le déanaí. Go n-éirí libh sa Chluiche Ceannais

Craobhchomórtas na hEorpa 2023!
Created : 24 Jul 2023, 9:22 AM
Archived : 24 Sep 2023, 12:00 AM

Tá Foireann Cispheile na hÉireann faoi 18 ag glacadh páirt i gCrobhchomórtas na hEorpa sa Phortaingéil i láthair na huaire. Beidh an cluiche idir Éirinn agus an Chosaiv á chraoladh beo ar https://www.fiba.basketball/europe/u18b/2023 @ 20:30 i.n. amárach an 25ú Iúil. Guímid gach rath orthu go mór mhór le hAivaras Uosis, Bl.6, atá mar chaptaen i mbliana.  

Bonn Óir buaite a Kieran Ó Catháin sna Cluichí Náisiúnta Raoin is Faiche.
Created : 03 Jun 2023, 1:08 PM
Archived : 23 Sep 2023, 12:00 AM
  Comhghairdeachas ó chroí Kieran! 
Comórtas JA Europe #Gen_E beo ar líne!
Created : 12 Jul 2023, 8:49 AM
Archived : 12 Sep 2023, 12:00 AM
Beidh daltaí na Pobalscoile beo ar líne ó Istanbul na Tuirce www.youtube.com/live/P5Y0RKNfwt0?feature=share