Displaying 611-620 of 1287 results.
The B!g Idea
Created : 23 Nov 2022, 12:55 PM
Archived : 23 Jan 2023, 12:00 AM
Bhí Niamh ó 'The B!g Idea' ag caint le daltaí na hIdirbhliana faoin gclár áirithe seo. Tá siad ag tabhairt deis do dhaltaí dul i ngleic le deacrachtaí agus fadhbanna na linne seo! Tá daoine proifisiúnta, na daoine is gairmiúla ar domhan fostaithe acu chun a gcuid taithí agus a gcuid scileanna a roinnt le déagóirí idir 15 -19 bliana d'aois.
Clár an-suimiúil ar fad agus deis iontach do dhaltaí na hIdirbhliana a bheidh páirteach sa chlár.
Bliain 2L ag obair i bpolathollán na scoile.
Created : 23 Nov 2022, 12:52 PM
Archived : 23 Jan 2023, 12:00 AM
Bliain 2L ag obair i bpolathollán na scoile.
Tá obair na gcapall déanta acu, é glanta agus réitithe acu don séasúr nua.
Ceardlann 'Soilsiú & Scáileán Glas'
Created : 23 Nov 2022, 12:50 PM
Archived : 23 Jan 2023, 12:00 AM
Bhí spraoi 's foghlaim ag daltaí na hIdirbhliana agus iad i mbun ceardlann 'soilsiú agus scáileán glas' sa rang TechSpace inniu.
Scléip
Created : 23 Nov 2022, 10:47 AM
Archived : 23 Jan 2023, 12:00 AM
Scléip
Go n-éirí go geal leis na daltaí a bheidh páirteach i gcomórtaisí Scléip amárach!
Cispheil na gCailíní Faoi 19
Created : 23 Nov 2022, 10:44 AM
Archived : 23 Jan 2023, 12:00 AM
Bhuadar i gcoinne Lios Tuathail inné. Tá na cailíní seo i mBliain a 6 anois agus b'é seo an cluiche deireanach a bhí acu ag imirt leis an scoil agus d'éirigh leo ar fad scór a aimsiú. Gura fada buan sibh a chailíní agus go n-éirí libh!
Cispheil na gCailíní faoi 19.
Created : 23 Nov 2022, 10:36 AM
Archived : 23 Jan 2023, 12:00 AM
Foireann cispheile na gCailíní a bhuaigh i gcoinne Lios Tuathail inné. Comhghairdeachas libh a chailíní!
Cispheil na mBuachaillí Faoi 19.
Created : 23 Nov 2022, 10:34 AM
Archived : 23 Jan 2023, 12:00 AM
Bhíodar ag imirt sa chluiche leathcheannais i Réigiún an Iar-dheiscirt, Roinn B. Níor éirigh leo an babhta seo ach beidh lá eile acu!
Oíche Chócaireachta Le Mark Moriarty
Created : 22 Nov 2022, 2:24 PM
Archived : 23 Jan 2023, 12:00 AM
Bhí oíche iontach againn le chéile ar an Satharn in Óstán na Sceilge. Ár mbuíochas le Mark Moriarty agus Kenny Maguire agus le gach éinne a chabhraigh agus a thacaigh linn!
Le chéile is fearr sinn!
Sciath Dunloe 2022
Created : 21 Nov 2022, 12:18 PM
Archived : 21 Jan 2023, 12:00 AM
Comhghairdeachas le foireann peile na mbuachaillí a bhí ag imirt i gcoinne St. Pats, Oileán Chiarraí i Sciath Dunloe ar an Aoine seo caite.
Fócas ar Litearthacht
Created : 21 Nov 2022, 12:15 PM
Archived : 21 Jan 2023, 12:00 AM
Tabhair faoi ndeara!
1. Ní bhíonn fleiscín riamh idir ‘h’ agus guta:
Dé hAoine
go huafásach
go hannamh
2. Bíonn fleiscín i gcónaí idir ‘n’ agus guta:
á n-ithe
á n-ól
á n-ullmhú