Displaying 851-860 of 897 results.
Tuismitheoirí/Parents
Created : 06 Feb 2018, 2:16 PM
Archived : 06 Apr 2018, 12:00 AM
Mar eolas, nuair bheidh fógra ar leith á chur amach chuig tuismitheoiri / caomhnóirí tríd app na scoile beidh sé as Gaeilge agus as Béarla. For your information, when there is a notification specific to parents / guardians being sent via school app, it will be posted through the medium of Irish and English.
Cluiche Ceannais Chorn Uí Mhuirí
Created : 05 Feb 2018, 11:00 AM
Archived : 05 Apr 2018, 12:00 AM
Bhuaigh PCD an cluiche a bhí acu Dé Domhnaigh 4 Feabhra, bail ó Dhia orthu, agus anois beidh an cluiche ceannais ar siúl i Staid an Ghearaltaigh ar an 24 Feabhra i gcoinne CBS Thrá Lí. Go n-éirí go geal libh, a leaideanna! Táimid ana-bhródúil leis as ár n-iarscoláirí (idir chailíní agus bhuachaillí) a bhí ag imirt ar fhoireann Chiarraí ag an deireadh seachtaine. Sin iad Paul Geaney, Éanna Ó Conchúir, Barra Ó Súilleabháin, Maitiú Ó Flatharta, Brian Ó Beaglaoich, Aoife Ní Ghéibheannaigh, Deirdre Ní Ghéibheannaigh, Kate Ní Shúilleabháin, Louise Ní Mhuircheartaigh, Bríd Nic an tSaoir.
"I Wish" i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh
Created : 05 Feb 2018, 10:53 AM
Archived : 05 Apr 2018, 12:00 AM
Bhí ócáid speisialta ar siúl i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh chun mná óga a spreagadh le dul leis an eolaíocht ag an tríú leibhéal. Chuaigh daltaí ó Bhliain 4 & 5 ann.
Gradaim an Gharda Síochána d'Éachtaí Óige
Created : 05 Feb 2018, 10:50 AM
Archived : 05 Apr 2018, 12:00 AM
Comhghairdeachas le Clodagh Ní Shiúrdáin agus Máirtín Ó Cathasaigh a ghnóthaigh gradaim as an obair dheonach a bhíonn ar siúl acu i sa scoil agus sa phobal. Comhghairdeachas le Maisie Hall a bhuaigh gradam leis!
Comórtas "Certified Irish Angus Beef"
Created : 05 Feb 2018, 10:47 AM
Archived : 05 Apr 2018, 12:00 AM
Tá Maeve Nic Gearailt, Hanna Ní Laoithe agus Amy Finn ag dul ar aghaidh go dtí an gcéad bhabhta eile sa chomórtas seo, a bheidh ar siúl i bPáirc an Chrócaigh ar an 14 Márta. Beidh siad in iomaíocht le 35 scoil eile. Beidh seastán ag gach scoil agus eolas ann faoin 'Irish Angus', urraitheoirí an chomórtais agus an straitéis margaíochta atá ag na daltaí. Roghnófar 5 scoil ar deireadh agus bronnfar 5 ghamhain ar na scoileanna sin ag an gComórtas Treabhdóireachta i mí Dheireadh Fómhair. Gach rath oraibh, a chailíní!
Scléip 2018
Created : 05 Feb 2018, 10:42 AM
Archived : 05 Apr 2018, 12:00 AM
Comhghairdeachas le gach éinne ó PCD a ghlac páirt sa chomórtas seo. Comhghairdeachas ar leith le Michael Holden a bhuaigh an dara háit sa chomórtas Ceol Comhaimseartha Aonair! Bail ó Dhia ort a Mhichíl!
Badmantan Chiarraí. Buachaillí os cionn 16.
Created : 05 Feb 2018, 10:40 AM
Archived : 05 Apr 2018, 12:00 AM
Comhghairdeachas le buaiteoirí na Craoibhe - Cillian Ó Failbhe, Dylan Ó Géibheannaigh, Colm Ó Muircheartaigh agus Conn Ó Riagáin.
Corn Uí Mhuirí, Cluiche Leathcheannais
Created : 02 Feb 2018, 12:41 PM
Archived : 03 Apr 2018, 12:00 AM
PCD 3-11 v Coláiste Bhréanainn 3-08 i Staid an Ghearaltaigh. PCD abú
Réamhscrúduithe (Mock Exams)
Created : 30 Jan 2018, 2:30 PM
Archived : 30 Mar 2018, 12:00 AM
Réamhscrúduithe ag tosnú amárach. Táille le híoc chun na hoifige. Costas €110. Mock exams commencing tomorrow. Fees to be paid to the office. Cost €110
Traenáil
Created : 29 Jan 2018, 11:44 AM
Archived : 29 Mar 2018, 12:00 AM
BL 1, agus Corn Ruiséal Dé Máirt, Gort na Scoile, 4:00 i.n.