Displaying 871-880 of 897 results.
PCD ag tacú le carthannachtaí
Created : 21 Dec 2017, 10:38 AM
Archived : 21 Feb 2018, 12:00 AM
Tá daltaí na Pobalscoile luite amach orthu féin ag tacú le carthannachtaí sa tréimhse seo roimis na Nollag. Tá airgead bailithe do Guide Dogs for the Disabled (€290); Cork Simon Community (€320) agus Naomh Uinseann de Pól (€1548.18). Chomh maith leis sin, tá siad fós ag bailiú bia fad saolach do Naomh Uinseann de Pól. Nár laga Dia iad. Agus míle buíochas le tuismitheoirí agus an pobal ar fad a thug tacaíocht dóibh.
Duais mhór Fiontar buaite ag Nikoli Ó Conchúir ar fiú €3,000 é!
Created : 15 Dec 2017, 10:29 AM
Archived : 15 Feb 2018, 12:00 AM
Guímid gach rath ar Nikoli ina shaol gnó!
Duais bronnta ar iar-scoláire PCD - Daragh Kennedy!
Created : 15 Dec 2017, 10:26 AM
Archived : 15 Feb 2018, 12:00 AM
Bhronn Ceann Choláiste Bhainistíocht Óstán na Sionainne, an Dr. Philip Smyth, Duais Spáinnise ar Dharagh Kennedy le déanaí as an marc is fearr sa Spáinnis a ghnóthú. Comhghairdeachas leis!
Códú
Created : 13 Dec 2017, 3:35 PM
Archived : 15 Feb 2018, 12:00 AM
D'fhreastail breis is 30 dalta ar CoderDojo - cúrsa codaithe - le 6 seachtaine anuas sa Phobalscoil. Táimid buíoch do Chris Byrne, Deirdre de Bhailís, Dave Ewing agus Keith Buchanan as a dtacaíocht agus leis an Maistir Ó Dubhaigh a d'eagraigh.
Ár gceoltóirí cumasacha ag Other Voices
Created : 07 Dec 2017, 1:16 PM
Archived : 07 Feb 2018, 12:00 AM
Ceolchoirm Seo Linn!
Created : 07 Dec 2017, 1:14 PM
Archived : 07 Feb 2018, 12:00 AM
Beidh Seo Linn, an grúpa aitheanta ceoil, anseo sa scoil Déardaoin 21 Nollaig ar a 2pm. Beidh daltaí Choláiste Íde anseo inár dteannta don gceolchoirm! Cuirfidh sé tús maith leis an Nollaig.
Díolachán Cupchístí blasta
Created : 07 Dec 2017, 1:12 PM
Archived : 07 Feb 2018, 12:00 AM
D'eagraigh triúr ó Bhliain 5 díolachán cupchístí ar son an Simon Community. B'iad sin Katie Firtéar, Muireann Ní Ghealbháin agus Áine Ní Dhubháin.
An 5ú Bliain i mbun turgnaimh!
Created : 07 Dec 2017, 1:09 PM
Archived : 07 Feb 2018, 12:00 AM
Bail ó Dhia ar an obair!
Taispeántas Cócaireachta le Mark Murphy sa scoil
Created : 07 Dec 2017, 1:07 PM
Archived : 07 Feb 2018, 12:00 AM
D'eagraigh Cumann na dTuismitheoirí an taispeántas cócaireachta seo agus d'éirigh ana-mhaith ar fad leis. Dhéan Mark dinnéar na Nollag agus beidh sé ina inspioráid againn ar fad i mbliana!
Corn Dunloe - Bhuaigh PCD!
Created : 07 Dec 2017, 1:04 PM
Archived : 07 Feb 2018, 12:00 AM
Comhghairdeachas lenár n-imreoirí a bhuaigh an cluiche in aghaidh Mainistir na Féile i dTrá Lí Dé Máirt. An scór a bhí ann ná, 6:17 le 5:11.