Displaying 731-740 of 822 results.
An Ghaelbhratach
Created : 28 May 2018, 12:20 PM
Archived : 28 Jul 2018, 12:00 AM
Tá an Ghaelbhratach bainte amach arís againn don 5ú bliain as a chéile. Chuaigh grúpa daltaí go Baile Átha Cliath don mbronnadh ar an Máirt 22 Bealtaine, 2018
Sparántacht Oideachais, Comhar Chreidmheasa Chorca Dhuibhne
Created : 25 May 2018, 11:53 AM
Archived : 25 Jul 2018, 12:00 AM
Brú Columbanus
Created : 24 May 2018, 11:41 AM
Archived : 24 Jul 2018, 12:00 AM
Bhronn John Ó Conchúir agus a iníon Ciara €5,480 ar Bhrú Columbanus uathu féin agus ó phobal Chorca Dhuibhne Dé hAoine seo caite, in onóir d'Aodán Ó Conchúir. Táimid ana-bhuíoch do gach duine a tháinig go dtí an oíche Bingó.
Ócáid Cheiliúrtha do Phádraig Firtéar
Created : 24 May 2018, 11:36 AM
Archived : 24 Jul 2018, 12:00 AM
Bhí ócaid ana-speisialta againn sa scoil Dé Máirt, 22 Bealtaine in omós dar bPríomhoide Pádraig Firtéar atá ag éirí as i mbliana. Dheineamar an t-eagrúchán ar fad faoi rún agus fuair sé preab nuair a chonaic sé an stáitse amuigh sa chlós agus na daltaí agus na múinteoirí ar fad,a chlann féin agus daoine eile ón bpobal agus ón mBord Bainistíochta amuigh ag fanacht leis, Sheinn na daltaí píosa ceoil nua-chumtha don ócáid agus labhair Sadie Ní Ghrifín agus Eoin Ó Muircheartaigh ar son na ndaltaí agus labhair Donncha Ceilleachair ar son na foirne. Labhair an leas-phríomhoide, Elaine Ní Loingsigh chomh maith. Dhein Bliain 1 bronnadh ar Phádraig. Bhí píosa potadóireachta déanta acu sa rang ealaíne dó. Cuireadh crann amuigh sa ghairdín agus nochtadh leac a bhí déanta go speisialta don ócáid ag gabháil buíochais leis as an 43 bliain atá caite aige leis an oideachas. Go n-éirí go geal leat agus tú ar scor, a Phádraig!
Tuismitheoirí/Parents
Created : 22 May 2018, 3:34 PM
Archived : 22 Jul 2018, 12:00 AM
Oíche cheiliúrtha na hIdirbhliana, Dé Céadaoin, 23-5-2018 @ 7.00. Éide scoile go hiomlán le bheith ar na scolairí go léir. TY award night, Wednesday, 23-5-2018 @7.00pm. Full uniform to be worn by all students.
Tuismitheoirí/Parents
Created : 22 May 2018, 3:26 PM
Archived : 22 Jul 2018, 12:00 AM
Fáiltímid roimh milseoga don ócáid Slán leis an Ardteist. Is féidir iad a thabhairt isteach ar scoil an tráthnóna Déardaoin san. Míle buíochas. Éide scoile go hiomlán le bheith ar na scolairí go léir. Any parents who wish to bring desserts to Slán leis an Ardteist are welcome to do so. They can be brought into the school that Thurs evening. Many thanks. Full uniform to be worn by all students.
Tuismitheoirí/Parents
Created : 21 May 2018, 11:55 AM
Archived : 21 Jul 2018, 12:00 AM
Ar son daltaí na séú bliana, ba mhaith linn cuireadh a thabhairt díbh chuig Aifreann deireadh na bliana i Séipéal Naomh Muire, Déardaoin, 24 Bealtaine @ 2.15i.n. Beidh cóisir agus bronnadh na nduaiseanna ar siúl i Halla na Pobalscoile tar éis an Aifrinn. On behalf of the 6th year students we would like to invite you to the End of year Mass in St. Mary`s Church, Dingle on the 24th May @ 2.15pm. Following the mass there will be a celebration and presentation in the school hall
Buíochas as urraíocht
Created : 14 May 2018, 10:35 AM
Archived : 14 Jul 2018, 12:00 AM
Táimid ana-bhuíoch do Sheán Ó Móráin a thug urraíocht don fhoireann peile sinsearach do Chorn Uí Ógáin.
Tuismitheoirí/Parents
Created : 10 May 2018, 2:49 PM
Archived : 10 Jul 2018, 12:00 AM
Scolairí bhliain 2, rang Teicneolaíocht Ábhar Adhmad. Tá €10 le íoc chun na hoifige maidir le tionsnamh Adhmadóireachta roimh an Aoine, 18 Bealtaine, 2018. 2nd year students, Woodwork class, €10 to be paid at the office for woodwork project by Friday 18th May, 2018.
Tuismitheoirí/Parents
Created : 03 May 2018, 3:07 PM
Archived : 03 Jul 2018, 12:00 AM
Níl anseo ach nóta gairid ag cur in iúl duit go bhfuil míolta beaga i ngruaig daltaí sa scoil faoi láthair. This is just a short note informing you that some of our students have head lice in their hair at present.