Displaying 771-780 of 822 results.
Tuismitheoirí/Parents
Created : 05 Mar 2018, 2:27 PM
Archived : 05 May 2018, 12:00 AM
Comhlacht drámaíochta "Cyclone" sa scoil Déardaoin, ag déanamh ceardlainne 2 uair a' chloig ar Drugaí/Alcóil do dhaltaí bhl. 1, 3 agus 5 agus ceardlann bulaíochta do bhl. 2, 4 agus 6. Gach dalta le páirt a ghlacadh ann. €5 le díol amárach. Eolas breise ar www.cyclonerep.com Cyclone theatre group running 2 hour workshop in school this Thursday, on drugs/alcohol for year 1, 3 and 5 students and bullying workshop for year 2, 4 agus 6 students. All students to attend. €5 to be paid tomorrow. Further information on www.cyclonerep.com
Aistritheoir Óg den Scoth!
Created : 20 Feb 2018, 12:40 PM
Archived : 20 Apr 2018, 12:00 AM
Comhghairdeachas mór le Mollie Ní Loibhéad a bhuaigh comórtas Uile-Éireann san Aistriúchán le déanaí. Bhuaigh Mollie an phríomhdhuais, "an t-aistriúchán is fearr ó cheithre chúige Éireann" agus "an t-aistriúchán is fearr ó Bhéarla go Gaolainn i gCúige Mumhan". Comhghairdeachas chomh maith le Orla Ní Bheaglaoich agus le Ríoghán Herkommer a ghlac páirt sa chomórtas leis.
Junk Couture - Vótáil do 'AQUARIA'
Created : 19 Feb 2018, 4:18 PM
Archived : 20 Apr 2018, 12:00 AM
Téir ar Facebook agus cuardaigh 'Pobalscoil Chorca Dhuibhne.' Loirg an postáil 'Junk Kouture' agus 'AQUARIA' Brúigh ar an nasc 'Vote now'. Cliceáil ar 'Create account'. Cliceáil ar 'FACEBOOK' Cliceáil ar 'Continue as yourname' Cliceáil ar VOTE NOW Select a region - Roghnaigh SOUTH, Search for a design - AQUARIA (KERRY, DINGLE agus POBALSCOIL CHORCA DHUIBHNE nó AQUARIA) Cliceáil ar 'Vote'. Déan é gach lá as seo go dtí an Aoine (19/2/2018 - 23/2/2018). Grmíle. app.junkkouture.com/design/312
Junk Kouture 2018
Created : 08 Feb 2018, 5:51 PM
Archived : 08 Apr 2018, 12:00 AM
Ní raibh aon choinne faoin spéir ag Maxim Ó Súilleabháin, scoláire i mbliain a ceathair i bPobalscoil Chorca Dhuibhne leis an maidin a bhí roimis. Thug Shane Enright ó Bhanc na hÉireann cuairt gan choinne air. Bronnadh an ticéad airgid, mór le rá air, a thugann iontráil dá dhearadh go Craobh Réigiúnach An Junk Kouture i Luimneach ar an 9ú Márta. Is fear óg ildánach é Maxim agus ba chóir faire amach dó sa todhchaí. Ní amháin gur tharla bronnadh ar maidin ach eagraíodh fótasheisiún proifisiúnta in onóir na hócáide. Rinne Maxim agus a chomhscoláirí Síomha Ní hAiniféin agus Clodagh Ní Shiurdáin dearadh ar fheisteas fé leith ag baint úsáide as smionagar farraige. Tá tionchar nach beag ag na Spriocanna Domhanda um Fhorbairt Inbhuanaithe ar a ndearadh nuálach a thugann freagra cruthaitheach anois ar an úsáid gur féidir a bhaint as ábhar bruscair.
Cruinniú Tuismitheoirí-múinteoirí / Parent Teacher Meeting
Created : 07 Feb 2018, 9:22 AM
Archived : 07 Apr 2018, 12:00 AM
Beidh cruinniú tuismitheoirí / múinteoirí bhl 1 & 4 amárach, 8/2/18 idir 4.15-6.45. Scoil críochnaithe @ 3.45. Parent teacher meeting for years 1 & 4 tomorrow, 8/2/18 between 4.15 - 6.45. School finishes @ 3.45.
Tuismitheoirí/Parents
Created : 06 Feb 2018, 2:16 PM
Archived : 06 Apr 2018, 12:00 AM
Mar eolas, nuair bheidh fógra ar leith á chur amach chuig tuismitheoiri / caomhnóirí tríd app na scoile beidh sé as Gaeilge agus as Béarla. For your information, when there is a notification specific to parents / guardians being sent via school app, it will be posted through the medium of Irish and English.
Cluiche Ceannais Chorn Uí Mhuirí
Created : 05 Feb 2018, 11:00 AM
Archived : 05 Apr 2018, 12:00 AM
Bhuaigh PCD an cluiche a bhí acu Dé Domhnaigh 4 Feabhra, bail ó Dhia orthu, agus anois beidh an cluiche ceannais ar siúl i Staid an Ghearaltaigh ar an 24 Feabhra i gcoinne CBS Thrá Lí. Go n-éirí go geal libh, a leaideanna! Táimid ana-bhródúil leis as ár n-iarscoláirí (idir chailíní agus bhuachaillí) a bhí ag imirt ar fhoireann Chiarraí ag an deireadh seachtaine. Sin iad Paul Geaney, Éanna Ó Conchúir, Barra Ó Súilleabháin, Maitiú Ó Flatharta, Brian Ó Beaglaoich, Aoife Ní Ghéibheannaigh, Deirdre Ní Ghéibheannaigh, Kate Ní Shúilleabháin, Louise Ní Mhuircheartaigh, Bríd Nic an tSaoir.
"I Wish" i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh
Created : 05 Feb 2018, 10:53 AM
Archived : 05 Apr 2018, 12:00 AM
Bhí ócáid speisialta ar siúl i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh chun mná óga a spreagadh le dul leis an eolaíocht ag an tríú leibhéal. Chuaigh daltaí ó Bhliain 4 & 5 ann.
Gradaim an Gharda Síochána d'Éachtaí Óige
Created : 05 Feb 2018, 10:50 AM
Archived : 05 Apr 2018, 12:00 AM
Comhghairdeachas le Clodagh Ní Shiúrdáin agus Máirtín Ó Cathasaigh a ghnóthaigh gradaim as an obair dheonach a bhíonn ar siúl acu i sa scoil agus sa phobal. Comhghairdeachas le Maisie Hall a bhuaigh gradam leis!
Comórtas "Certified Irish Angus Beef"
Created : 05 Feb 2018, 10:47 AM
Archived : 05 Apr 2018, 12:00 AM
Tá Maeve Nic Gearailt, Hanna Ní Laoithe agus Amy Finn ag dul ar aghaidh go dtí an gcéad bhabhta eile sa chomórtas seo, a bheidh ar siúl i bPáirc an Chrócaigh ar an 14 Márta. Beidh siad in iomaíocht le 35 scoil eile. Beidh seastán ag gach scoil agus eolas ann faoin 'Irish Angus', urraitheoirí an chomórtais agus an straitéis margaíochta atá ag na daltaí. Roghnófar 5 scoil ar deireadh agus bronnfar 5 ghamhain ar na scoileanna sin ag an gComórtas Treabhdóireachta i mí Dheireadh Fómhair. Gach rath oraibh, a chailíní!