Displaying 801-810 of 822 results.
Ceolchoirm Seo Linn!
Created : 07 Dec 2017, 1:14 PM
Archived : 07 Feb 2018, 12:00 AM
Beidh Seo Linn, an grúpa aitheanta ceoil, anseo sa scoil Déardaoin 21 Nollaig ar a 2pm. Beidh daltaí Choláiste Íde anseo inár dteannta don gceolchoirm! Cuirfidh sé tús maith leis an Nollaig.
Díolachán Cupchístí blasta
Created : 07 Dec 2017, 1:12 PM
Archived : 07 Feb 2018, 12:00 AM
D'eagraigh triúr ó Bhliain 5 díolachán cupchístí ar son an Simon Community. B'iad sin Katie Firtéar, Muireann Ní Ghealbháin agus Áine Ní Dhubháin.
An 5ú Bliain i mbun turgnaimh!
Created : 07 Dec 2017, 1:09 PM
Archived : 07 Feb 2018, 12:00 AM
Bail ó Dhia ar an obair!
Taispeántas Cócaireachta le Mark Murphy sa scoil
Created : 07 Dec 2017, 1:07 PM
Archived : 07 Feb 2018, 12:00 AM
D'eagraigh Cumann na dTuismitheoirí an taispeántas cócaireachta seo agus d'éirigh ana-mhaith ar fad leis. Dhéan Mark dinnéar na Nollag agus beidh sé ina inspioráid againn ar fad i mbliana!
Corn Dunloe - Bhuaigh PCD!
Created : 07 Dec 2017, 1:04 PM
Archived : 07 Feb 2018, 12:00 AM
Comhghairdeachas lenár n-imreoirí a bhuaigh an cluiche in aghaidh Mainistir na Féile i dTrá Lí Dé Máirt. An scór a bhí ann ná, 6:17 le 5:11.
Díospóireachtaí Uí Chadhain
Created : 07 Dec 2017, 1:02 PM
Archived : 07 Feb 2018, 12:00 AM
Bhuaigh an fhoireann sóisir an babhta díospóireachta i Luimneach inné agus beidh siad ag dul ar aghaidh go dtí an Craobh Náisiúnta. Comhghairdeachas le Naoise Mac Gearailt, Sibéal Ní Ógáin agus Luke Mac Diarmada! Míle comhghairdeachas leis, leis an bhfoireann sinsear nach mbeidh ag dul ar aghaidh an babhta seo ach a thug sár-thaispeántas uathu - Siobhán Ní Neachtain, Tríona Ní Shúilleabháin agus Pádraig Ó hAiniféin.
Ceolchoirm Other Voices
Created : 01 Dec 2017, 1:42 PM
Archived : 06 Feb 2018, 12:00 AM
Ar siúl sa scoil óna 12.15-1.10pm. Beidh dhá ghrúpa ann - Roe agus Tall Trees. Canfaidh grúpa ón scoil, Togra, an t-amhrán a chumadar féin anuraidh agus a bhuaigh an comórtas Scléip le déanaí.
Feirm go Forc
Created : 28 Sep 2017, 10:10 AM
Archived : 28 Nov 2017, 12:00 AM
Go n-éirí le Feirm go Forc i bhFéile Bídh an Daingin. Beidh stainín acu trasna ó Ghlobal Village ag díol Burgair Hereford.
Sabháilteacht Idirlín (Internet Safety)
Created : 11 Nov 2016, 12:42 PM
Archived : 26 Sep 2017, 5:34 AM
Seomra 121, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Dé Máirt Samhain 15, 2016 Bl 3 9.40 - 10.20 r.n. Bl 6 10.20 - 11.00 r.n, Bl 2 11.15-- 11.55 r.n. , Bl 5 agus ATF 12.35 - 1.15 i.n. , Bl 4 2.00 -2.35 i.n., Bl 1 3.10- 3.45 i.n. Tuismitheoirí ag 7.00 i. n. an oíche sin
Cluiche Ceannais, Corn Paul McGirr, Dé Sathairn 25 Márta, 2pm.
Created : 20 Mar 2017, 12:27 PM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Páirc chaide Hawkfield, An Droichead Nua, Co. Chill Dara. PCD i gcoinne St Pat's, Maghera. Guímíd gach rath ar an bhfoireann agus ar na traenálaithe, Éamonn Mac Muiris agus Máirtín Ó Fráithille. PCD abú!