Displaying 791-800 of 822 results.
Tráth na gCeist na Nollag - ná dein dearúd ar do gheansaí Nollag!
Created : 21 Dec 2017, 10:47 AM
Archived : 22 Feb 2018, 12:00 AM
Beidh Tráth na gCeist ar siúl thíos staighre don scoil ar fad ar maidin. Beidh duais ann don ngeansaí Nollag is fearr! Go n-éirí libh!
Ceolchoirm don scoil ar fad le Seo Linn!
Created : 21 Dec 2017, 2:49 PM
Archived : 21 Feb 2018, 12:00 AM
Nollaig Shona!!
Scátáil Oighir - Bliain 4 & 5
Created : 21 Dec 2017, 10:49 AM
Archived : 21 Feb 2018, 12:00 AM
Bhí Bliain 4 i gCill Airne inné ag déanamh scátáil oighir agus tá Bliain 5 imithe ann ar maidin.
Tráth na gCeist Français & Español!
Created : 21 Dec 2017, 10:44 AM
Archived : 21 Feb 2018, 12:00 AM
Bhí Tráth na gCeist Boird (Français / Español) ar siúl ar an 20 Nollaig 2017 do ranganna Fraincise & Spáinnise Bhliain. 5 & 6 go léir. Comhghairdeachas le gach éinne a ghlac páirt, go háirithe leis na buaiteoirí, a fuair 84 pointe as 90. Is iad na buaiteoirí ná: Cécile Ní Mhaolmhichíl, Ciarán Ó Conaill, Eoin Ó Brosnacháin, Aaron Ó Súilleabháin & James Ághas. Táimid ana-bhuíoch dos na múinteoirí Fraincise agus Spáinnise go léir a chabhraigh leis an Tráth na gCeist seo a eagrú, agus bhaineamar go léir taitneamh as.
Carúil na Nollag
Created : 21 Dec 2017, 10:41 AM
Archived : 21 Feb 2018, 12:00 AM
Scaip daltaí na scoile spiorad na Nollag ar shráideanna an Daingin le déanaí agus iad ag bailiú airgid do Naomh Uinseann de Pól. Bhí carúil acu chomh maith do na daoine in Ospidéal an Daingin agus bhaineadar féin agus na hothair ana-thaitneamh as an ócáid. Chomh maith leis sin, chan daltaí na carúil don scoil ar fad ar an gCéadaoin. Bhíodar go diail ar fad.
PCD ag tacú le carthannachtaí
Created : 21 Dec 2017, 10:38 AM
Archived : 21 Feb 2018, 12:00 AM
Tá daltaí na Pobalscoile luite amach orthu féin ag tacú le carthannachtaí sa tréimhse seo roimis na Nollag. Tá airgead bailithe do Guide Dogs for the Disabled (€290); Cork Simon Community (€320) agus Naomh Uinseann de Pól (€1548.18). Chomh maith leis sin, tá siad fós ag bailiú bia fad saolach do Naomh Uinseann de Pól. Nár laga Dia iad. Agus míle buíochas le tuismitheoirí agus an pobal ar fad a thug tacaíocht dóibh.
Duais mhór Fiontar buaite ag Nikoli Ó Conchúir ar fiú €3,000 é!
Created : 15 Dec 2017, 10:29 AM
Archived : 15 Feb 2018, 12:00 AM
Guímid gach rath ar Nikoli ina shaol gnó!
Duais bronnta ar iar-scoláire PCD - Daragh Kennedy!
Created : 15 Dec 2017, 10:26 AM
Archived : 15 Feb 2018, 12:00 AM
Bhronn Ceann Choláiste Bhainistíocht Óstán na Sionainne, an Dr. Philip Smyth, Duais Spáinnise ar Dharagh Kennedy le déanaí as an marc is fearr sa Spáinnis a ghnóthú. Comhghairdeachas leis!
Códú
Created : 13 Dec 2017, 3:35 PM
Archived : 15 Feb 2018, 12:00 AM
D'fhreastail breis is 30 dalta ar CoderDojo - cúrsa codaithe - le 6 seachtaine anuas sa Phobalscoil. Táimid buíoch do Chris Byrne, Deirdre de Bhailís, Dave Ewing agus Keith Buchanan as a dtacaíocht agus leis an Maistir Ó Dubhaigh a d'eagraigh.
Ár gceoltóirí cumasacha ag Other Voices
Created : 07 Dec 2017, 1:16 PM
Archived : 07 Feb 2018, 12:00 AM
Seo nasc chuig daltaí agus iar-dhaltaí PCD agus iad ag taifeadadh a gcuid ceoil ag stiúideo Eir ag Other Voices. Tá siad nótálta ar fad. Is fiú go mór féachaint orthu. Tógra youtu.be/wsRt_v62GwE The Collins Brothers youtu.be/SyzqF1-RsiA Aaron Ó Súilleabháin youtu.be/ZNbh8JEL5-Q Sorcha Ní Bhriain youtu.be/TnkcTpX_JoM Mattie Bácéir & Ben Janning www.instagram.com/p/BcPs6eLHlsl/