Displaying 661-670 of 1287 results.
Gaelbhratach 2022
Created : 17 Oct 2022, 12:14 PM
Archived : 17 Dec 2022, 12:00 AM
Ár mbuíochas le hEdel Ní Bhraonáin agus Barry Ó Siochrú ón nGaelbhratach a chaith tamall leis an gcoiste Gaolainne inné ag cabhrú leo spriocanna na bliana a chur ar pháipéar!
Aonach na nGairmeacha in Óstán na Sceilge inné
Created : 13 Oct 2022, 3:01 PM
Archived : 13 Dec 2022, 12:00 AM
Bhain daltaí na Pobalscoile an-taitneamh agus tairbhe as Aonach na nGairmeacha a bhí eagraithe ag Tobar Dhuibhne in Óstán na Sceilge inné. I measc na n-aoíchainteoirí a bhí i láthair don ócáid bhí an Tráchtaire Spóirt, Brian Tyers, Barry Ó Siochrú ó Aontas na Mac Léinn, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Cristín De Mórdha ó Dhúchas an Daingin, Aedín Ní Bhriain, Oifigeach Gaolainne le Comhairle Contae Chiarraí, Matt Mac Cárthaigh, Ateangaire agus Aistritheoir leis an A.E., Éanna Ó Conchúir ó Beo Fitness, Edel Ní Bhraonáin ón nGaelbhratach, Ciara Ní hAllarúin ó Mhara Beo agus Séaghan Ó Súilleabháin, An Kerry Cowboy!
Peil, Cailíní Sinsir
Created : 13 Oct 2022, 9:03 AM
Archived : 13 Dec 2022, 12:00 AM
Is i ngort na nGaeil i dTrá lí a bheidh an cluiche idir Chailíní Sinsir PCD agus Meánscoil na Toirbhirte, Trá Lí inniu, Déardaoin, 13 Deireadh Fómhair. Go n-éirí libh!
Físeáin na Seachtaine
Created : 13 Oct 2022, 8:57 AM
Archived : 13 Dec 2022, 12:00 AM
Bhí Katie Ní Éanacháin, Bl. 3, ag coimisiúnú oifigiúil an RV Tom Crean i gCé an Daingin Déardaoin seo caite. Seo í ag labhairt faoin tábhtacht a bhaineann le caomhú a dhéanamh ar na bhfarraigí dos na glúinte atá romhainn.
vimeo.com/756535793/0b50a45261
fb.watch/g5fO3V7cGa/
Club Cócaireachta le Martin Bealin
Created : 11 Oct 2022, 2:52 PM
Archived : 11 Dec 2022, 12:00 AM
Club Cócaireachta Oíche Luain,
Áit: Pobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean
Comórtas Labhairt na Gaolainne
Created : 07 Oct 2022, 11:55 AM
Archived : 07 Dec 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas le Laia Ní Nualáin i mbliain 1D a bhuaigh spot duais na seachtaine seo.
Ár mbuíochas le Cathal Cordubh agus Jessie Ní Loingsigh a chabhraigh linn leis an gcrannchur ar maidin!
Comórtas Seanfhocail
Created : 07 Oct 2022, 11:44 AM
Archived : 07 Dec 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas le Eibhlín Ní Dhuibhinn (Bl.5) a chríochnaigh an seanfhocal:
'Is deacair ceann críonna a chur.. ar ghuaillí/cholainn óg'!
Jude Ní Riain agus Sibéal Ní Shéaghdha
Created : 07 Oct 2022, 11:38 AM
Archived : 07 Dec 2022, 12:00 AM
Lúthchleasaíocht
Beidh na cluichí pobail ar siúl san Uaimh ag an deireadh seachtaine.
Go n-éirí le Jude Ní Riain i mBl.1 agus le Sibéal Ní Shéaghdha I mBl.2 atá mar bhall d'fhoireann Sealaíochta Chiarraí Faoi 14.
Katie Ní Éanacháin
Created : 07 Oct 2022, 11:30 AM
Archived : 07 Dec 2022, 12:00 AM
Guímid gach rath ar Katie Ní Éanacháin atá ag glacadh páirte i gcomórtas rince Gaelach i nGlaschú san Albain.
RV Tom Crean
Created : 06 Oct 2022, 3:46 PM
Archived : 06 Dec 2022, 12:00 AM
Chuaigh daltaí na Pobalscoile ar bord an RV Tom Crean, bád taighde nua-thógtha a bhí á choimisiúnú go hoifigiúil ag searmanas i gCé an Daingin inniu.