Displaying 681-690 of 1287 results.
Searmanas Bronnta don mBlagáil
Created : 28 Sep 2022, 12:08 PM
Archived : 29 Nov 2022, 12:00 AM
Bhí Treasa Ní Mhainín ó Oidhreacht Chorca Dhuibhne linn ar scoil inné chun na duaiseanna blagála a bhí ar siúl roimis laethanta saoire an tSamhraidh a bhronnadh ar dhaltaí.
Daltaí a bhí i mBliain 2 ag an am:
Sa chéad áit: Jamie Ó Loinsigh (Duais 125 euro)
Sa dara háit: Aaron Ó Cualáin (Duais 100 euro)
Bronnadh teastas molta agus leathchéad euro an duine ar na daltaí seo a
leanas:
- Pádraig Ó Mainín
- Ellie Nic Gearailt
- Tamim Rahman
Daltaí a bhí san Idirbhliain ag an am:
Sa chéad áit: Páidí Mac Gearailt (Duais 200 euro)
Sa dara háit: Róisín Dalby (Duais 175 euro)
Bronnadh teastas molta agus duais de leathchéad euro an duine ar na daltaí seo a leanas:
- Aileen Ní Shlattara
- Isabel Holden
- Méadhbh Nic an Ultaigh
- Clare Ní Alarúin
Tá Bliain 2 agus Bliain 4 i mbun blagála faoi láthair. Go n-éirí go geal libh leis!
Sinéad Ní Mhuircheartaigh, Bliain 5
Created : 28 Sep 2022, 12:03 PM
Archived : 28 Nov 2022, 12:00 AM
Bhronn John Prendergast ó Thobar Dhuibhne, gradam speisialta 'Gaiscí na Gaeltachta' ar Shinéad Ní Mhuircheartaigh, Bliain 5, ar scoil inné as an obair iontach a dhéanann sí an Ghaeilge a chur chun cinn sa phobal agus ar scoil.
Comhghairdeachas leat, a Shinéad!
Conor Corduibh, Bl.4
Created : 28 Sep 2022, 12:01 PM
Archived : 28 Nov 2022, 12:00 AM
Conor Corduibh, Bl.4
Tá Jamie Ó Flannúra, iarscoláíre dár gcuid agus Conor Corduibh, Bliain 4, thall ag an mBig E i Springfield Massachusetts faoi láthair agus obair iontach á dhéanamh acu beirt le Comhaontas Turasóireachta Chorca Dhuibhne!
Tá an ceart ar fad agaibh... Draíochtúil i gcónaí!!
Cluichí Caide inniu!
Created : 28 Sep 2022, 10:53 AM
Archived : 28 Nov 2022, 12:00 AM
Corn Uí Shúilleabháin, fé 19
PCD v Meánscoil na Trócaire Cnoc an tSeabhaic
Beidh an cluiche idir PCD agus Meánscoil na Trócaire, Cnoc an tSeabhaic ar siúl inniu i bPáirc an Ághasaigh ar a 1.00i.n.
Corn an Bhráthair Choilm Taft, fé 15
PCD v Coláiste Naomh Proinsias, Baile an Róistigh i nGort na Crócaigh i gCill Airne, ar a 1:30i.n.
Scéala Spóirt
Created : 26 Sep 2022, 10:12 AM
Archived : 26 Nov 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas ó chroí le Marc Ó Conchúir, iar-scoláire na scoile as an éacht atá bainte amach aige ar fhoireann Na Geelong Cats a bhuaigh Cluiche Ceannais Caide na hAstráile Dé Sathairn seo caite. Seo mír nuachta ó TG4 faoin ghaiscíoch óg!
youtu.be/mqjn4VhTrWc
Inniu Lá Eorpach na dTeangachaI
Created : 26 Sep 2022, 10:03 AM
Archived : 26 Nov 2022, 12:00 AM
Maidin Chaife
Created : 22 Sep 2022, 3:38 PM
Archived : 22 Nov 2022, 12:00 AM
Tá Maidin Chaife againn inniu sa tseomra foirne ar mhaithe le hOspís Chiarraí. Tá seirbhís iontach á chur ar fáil ag altraí sna haonaid cúraim ar fud na tíre.
Bl. 4 Seaschéaslóireacht
Created : 21 Sep 2022, 12:35 PM
Archived : 21 Nov 2022, 12:00 AM
Bhain daltaí na hIdirbhliana súp as an seaschéaslóireach i mBá an Daingin
Marc Ó Conchúir
Created : 21 Sep 2022, 10:47 AM
Archived : 21 Nov 2022, 12:00 AM
Tá Marc Ó Conchúir, iar-scoláire dár gcuid, ar fhoireann na Geelong Cats a bheidh ag tabhairt aghaidh ar na Sydney Swans i gCluiche Ceannais Caide na hAstráile, Dé Sathairn seo chugainn. Guimíd gath rath oraibh!
Comórtas Labhairt na Gaolainne tosnú ar an Luan, 26 Meán Fómhair!
Created : 21 Sep 2022, 10:44 AM
Archived : 21 Nov 2022, 12:00 AM
Tá comórtas Labhairt na Gaolainne á thosnú againn do dhaltaí na scoile ar fad arís Dé Luain seo chugainn, 26 Meán Fómhair agus tá dhá dhuais le buachtaint arís i mbliana chomh maith le spotduais gach Aoine.
Mar is gnáth, seo a oibreoidh sé:
Má chloistear dalta ag caint as Gaolainn taobh amuigh den seomra ranga (labhartar Gaolainn istigh sa tseomra ranga ar aon nós), sna pasáistí nó amuigh sa chlós, cuirfear ainm an dalta sin isteach sa chrannchur. Dá mhéid babhtaí a chloistear an dalta ag caint as Gaolainn is ea is mó babhtaí a chuirfear an ainm sa chrannchur agus is mó seans go mbuafaidh an dalta an duais!
Labhair í agus mairfidh sí!