Displaying 721-730 of 1287 results.
Irisleabhar na Scoile 2022
Created : 13 May 2022, 1:18 PM
Archived : 13 Jul 2022, 12:00 AM
Beidh Irisleabhar na scoile ar díol ón Máirt seo chugainn ar aghaidh. Costas 5 euro a bheidh air. Tacaígí linn!
Kieran Ó Catháin!
Created : 13 May 2022, 1:13 PM
Archived : 13 Jul 2022, 12:00 AM
Tá Kieran Ó Catháin ag prapáil faoi láthair don chomórtas caitheamh méachain sna Mion Cluichí Oilimpeacha . Go n-éirí go geal leis agus leis na hiomaitheoirí go léir ó Chiarraí.
Lúthchleasaíocht – Torthaí 12/5/2022
Created : 13 May 2022, 12:58 PM
Archived : 13 Jul 2022, 12:00 AM
Tá dhá bhonn eile buaite ag scoláirí PCD i gComórtas Lúthchleasaíochta na Mumhan Thuaidh. Bhain Anna Ní Chonchúir, Bl 1, bonn airgid amach sa chomórtas caitheamh méacháin. Bhain Kieran Ó Catháin, Bl 1 an chéad áit amach sa rás 200m. Comhghairdeachas libh!
An Chéinia!
Created : 12 May 2022, 11:54 AM
Archived : 13 Jul 2022, 12:00 AM
Go n-éirí go geal le Sinéad Ní Mhuircheartaigh, Róisín Dalby, Córa Ní Shlattara, agus Órla Ní Chinnéide ó Bhliain a 4 atá ar a slí go Kenya inniu ar son Cara Projects . Guímid gach rath orthu.
Foireann Sacar Chiarraí faoi 16
Created : 12 May 2022, 3:08 PM
Archived : 12 Jul 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas le Béibhinn Nic a' tSithigh, Bl3, atá ar fhoireann Sacar Chiarraí faoi 16.
Mionúir Chiarraí
Created : 12 May 2022, 10:54 AM
Archived : 12 Jul 2022, 12:00 AM
Comhghairdeas le Tomás Ághas agus le James Mac Gearailt atá ar fhoireann mionúir Chiarraí tráthnona inniu. Go n-éirí go geal leo.
Gailearaí agus Seanfhocal na Seachtaine.
Created : 11 May 2022, 9:42 PM
Archived : 11 Jul 2022, 12:00 AM
Íomhánna anseo ón bhFéile Teicneolaíochta a bhí ar siúl le déanaí agus Mórghradam na bliana buaite ag Pobalscoil Chorca Dhuibhne. Mar a deireann an seanfhocal Mol an óige agus tiocfaidh sí! tuairisc.ie/gailearai-morghradam-na-bliana-ag-feile-teicneolaiochta-buaite-ag-pobalscoil-chorca-dhuibhne/
Lúthchleasaíocht – Torthaí 10/5/2022
Created : 11 May 2022, 3:06 PM
Archived : 11 Jul 2022, 12:00 AM
Bhí ana lá againn inné ag an gComórtas Lúthchleasaíochta na Mumhan Thuaidh. Bhain Kieran Ó Catháin, Bl.1 an chéad áit amach sa chomórtas caitheamh meacháin agus sa rás 100m. D'éirigh leis sár-churiarracht nua don chomórtas seo a shárú. Bhain Colm Mac Gearilt, Bl. 1 an tríú háit amach sa chomórtas caitheamh méachain. Bronnadh bonn airgid ar Louis Mac an tSíthigh sa chomórtas caitheamh méacháin. Bhain Diarmuid Ó Ciardhubháin an dara háit amach sa chomórtas caitheamh na sleá. Bhí Antaine Ó Seaghdha sa tríú háit sa rás 1,500m. Bhain na buachaillí sinsearacha an dara háit amach sa rás sealaíochta 4x400: David Ó Catháín, James Ó Néill, Malachaí Ó Ciardhubháin agus Antaine Ó Seaghdha. Beimid ar an mbóthar arís amárach don dara lá don chomórtas seo!
Press Pass 2022 - Torthaí
Created : 11 May 2022, 1:26 PM
Archived : 11 Jul 2022, 12:00 AM
Bhain Aoife Ní Chinnéide an dara háit amach sa Rannóg Nuachta agus bhain Emily Nic Gearailt an tríú háit amach sa rannóg céanna. Comhghairdeachas libh agus le bhur múinteoirí.
TechFéile2022
Created : 29 Apr 2022, 1:44 PM
Archived : 11 Jul 2022, 12:00 AM
B'fhiú éirí go luath don turas fada go hIonad Óige na hÉireann i gCo. na Mí mar d'éirigh lenár ndaltaí ó Bhl.4 ceithre ghradam a bhuachtaint ann. Comghairdeachas leo! Gradam mór "Eagraíocht (Scoil) na Bliana" buaite ag PCD - Printéir 3D mar dhuais scoile! Gradam "Léiriú Fuaime" (Podchraoladh) buaite ag Isabel Holden, Caitlin Holden, Aileen Ní Shlattara & Aisling Ní Dhubhaigh Gradam "Grianghrafadóireacht/Dearadh" buaite ag Aisling Ní Dhubhaigh agus Cluiche ceannais don Chomórtas Róbait buaite ag Adam Ó Murchú & Daniel Ó Broin Éacht íontach, maith sibh go léir. Trófaí, duaiseanna & teastais tuillte go maith agaibh. Ainmníodh na daltaí seo a leanas ar an ngearrliosta do ghradaim éagsúla chomh maith: Ellie de Paor Ní Fhearghaíl - TechSpacer na Bliana, Gradam "Léiriú Físe" & Gradam "Grianghrafadóireacht/Dearadh" Aileen Ní Shlattara - Gradam "Grianghrafadóireacht/Dearadh" & Gradam "Léiriú Físe" Grace Ní Shé - Gradam "Léiriú Físe" Meabhdh Níc Gearailt - Gradam "Grianghrafadóireacht/Dearadh" Is de bharr an obair chruaidh dhíograiseach a bhí déanta ag an rang le 7 mhí anuas go mbuadar an gradam mór 'Scoil na Bliana' . Comhghairdeachas libh arís. tuairisc.ie/gailearai-morghradam-na-bliana-ag-feile-teicneolaiochta-buaite-ag-pobalscoil-chorca-dhuibhne/