Displaying 731-740 of 1287 results.
Caid na gCailíní
Created : 10 May 2022, 1:38 PM
Archived : 10 Jul 2022, 12:00 AM
Bhí bua iontach ag cailíní PCD inné i gcoinne Gaelcholáiste Chiarraí. Comhghairdeachas libh!
Caid na mBuachaillí, Ciarraí faoi 15
Created : 10 May 2022, 1:35 PM
Archived : 10 Jul 2022, 12:00 AM
Bhí bua iontach ag foireann Chiarraí faoi 15 i gcoinne Contae na Mí ar an Satharn. Comhghaideachas le hOisín Ó Dubhda, Seán Ó Cuinn, Ned Ó Riain, Cian Mac Gearailt agus Cathal Ó Fearghail.
Gradam Press Pass 2022
Created : 10 May 2022, 11:56 AM
Archived : 10 Jul 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas leis na daltaí ar fad thíos a ghlac páirt sa chomórtas Press Pass i mbliana. Aoife de Faoite, Sinéad Ní Mhuircheartaigh, Rachel Nic an Rí, Seán Ó Fiannachta, Ellie de Paor-Ní Fhearghail, Aileen Ní Shlattara, Summer Nic Cárthaigh, Páidí Mac Gearailt, Seán Ó Conchúir, Aoife Ní Chinnéide, Meabhdh Nic Gearailt, Clare Ní Allarúin, Caitlin Holden, Emily Nic Gearailt. Bronnfar gradam ar Aoife Ní Chinnéide (presspass.ie/pp/wp-content/uploads/NEWS-Aoife-Nic-Chinn%E2%80%9Aide.pdf) agus Emily Nic Gearailt (presspass.ie/pp/wp-content/uploads/NEWS-Emily-nic-Gearailt.pdf) ag searmanas bronnta sa staid Aviva i mBaile Átha Cliath amárach. Comhghairdeachas libh a chailíní!
Físeán na Seachtaine
Created : 10 May 2022, 11:41 AM
Archived : 10 Jul 2022, 12:00 AM
Tá feachtas bailithe airgid ar bun i láthair na h-uaire ag coiste @PhoenixDingle Pictiúrlann an Phoenix sa Daingean a cheannach.Go n-éirí go geal leo! twitter.com/NuachtTG4/status/1522279947314003968?s=20&t=ua9O-7Op5ycIwkBOUFKAVA
Lúthchleasaíocht - Torthaí 4/5/2022
Created : 10 May 2022, 11:35 AM
Archived : 10 Jul 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas lenár lúthchleasaithe a ghlac páirt i gcomórtaisí difriúla in Oileán Chiarraí an tseachtain seo caite. Bhain Kieran Ó Catháin an chéad áit amach sa rás 300m agus sa chomórtas caitheamh méachain. Bhain Sibéal Ní Shéaghdha an tríú háit amach sa rás 100m faoi 14. Bronnadh bonn cré-umha ar Thiernan Ó Loinsigh don rás 1,500m faoi 15. Bronnadh bonn airgid ar Phaddy Ó Riain don léim fhada faoi 17. Bhain Louis Mac an tSíthigh an dara háit amach agus bhain Seán Ó Cuinn an tríú háit amach sa chomórtas caitheamh méachain faoi 17. Bronnadh bonn cré-umha ar Sheán Ó Cuinn don rás 400m faoi 17. Bronnadh bonn cré-umha ar Shibéal Ní Shéaghdha, Aibigail Pigóid agus Caroline Ní Dhubhdha don relay. Bhain Colm Mac Gearailt an cúigiú háit amach sa rás 300m faoi 15. Chuaigh Diarmuid Ó Ciardhubháin chomh fada leis an mbabhta ceannais don rás 100m faoi 17. Beidh siad ag glacadh páirt i gcomórtaisí difriúla aríst inniu agus Déardaoin sa North Munster Track and Field. Go n-éirí go geal libh!
Ceannairí Bhl.6!
Created : 09 May 2022, 8:58 PM
Archived : 09 Jul 2022, 12:00 AM
Táimid an-bhuíoch as Ceannairí Bhl 6. a dhéan an iarracht i mbliana ag cabhrú agus ag tacú le daltaí na scoile. Go n-éirí go geal libh sna scrúduithe agus sa saol amach anseo.
Sacar na gCailíní faoi 16
Created : 09 May 2022, 8:54 PM
Archived : 09 Jul 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas le Hayley Getkate, Ciara Ní Chinnéide agus Hannah Nic Gearailt a bhí ag imirt ar fhoireann Sacar Chiarraí le déanaí. Bhí Ciara ina captaen ar an lá. Comghairdeachas libh go léir.
Comortás Sacar i mBarcelona na Spáinne
Created : 09 May 2022, 8:47 PM
Archived : 09 Jul 2022, 12:00 AM
Bhí Tadhg Ó Cathail agus Seán de Róiste , Bl. 3 ag imirt ar fhoireann Sacar Chiarraí faoi 15 bliana a chuaigh go Barcelaona le linn laethannta saoire na Cásca. D'éirigh go hiontach leo. Comhghairdeachas ó chroí le Ciarraí, Seaimpíní na Sraithe, Barcelona 2022.
Fócas ar Litearthacht
Created : 09 May 2022, 8:44 PM
Archived : 09 Jul 2022, 12:00 AM
Bíonn focail a chríochnaíonn in -lann baininscneach, mar sin, ná déan dearúd séimhiú a chur orthu tar éis ‘an’: An bhialann Agus gan faic a dhéanamh leo má thosnaíonn siad le guta: An amharclann Agus ‘t’ a chur rompu má thosnaíonn siad le ‘s’: An tsaotharlann Eisceachtaí: salann (fir.) agus anlann (fir.)
Clár Aistrithe Scoile 2022
Created : 06 May 2022, 10:39 AM
Archived : 06 Jul 2022, 12:00 AM
Bhain scoláirí rang 6 an-sásamh as an gClár Aistrithe Scoile a thosnaigh anseo sa Phobalscoil tráthnóna inné. Buíochas leis na múinteoirí ar fad a bhí rannpháirteach sa chlár. An aidhm atá leis an gClár Aistrithe Scoile (clár 4 seachtaine) ná an próiseas aistrithe a éascú do na scoláirí agus iad ag teacht isteach go dtí an Pobalscoil i mí Mheán Fómhair.