Displaying 711-720 of 1287 results.
Ciarraí, Seaimpíní Uile Éireann!!
Created : 21 May 2022, 8:29 PM
Archived : 21 Jul 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas ó chroí le Hayley, Éabha, Sibéal agus Sadhbh a bhí ar fhoireann bhuachach Chiarraí faoi 14 inniu!
Cluiche Ceannais buaite ag PCD!
Created : 20 May 2022, 12:46 PM
Archived : 20 Jul 2022, 12:00 AM
Tá cluiche ceannais na scoileanna buaite ag PCD!
An scór deirneach: 4:7 le 1:7. Pobalscoil Chorca Dhuibhne abú
Caid na gCailíní, Cluiche Ceannais na scoileanna inniu!
Created : 20 May 2022, 12:15 AM
Archived : 20 Jul 2022, 12:00 AM
Guímid gach rath ar fhoireann caide na gcailíní PCD atá ag imirt i gcoinne Meánscoil na Toirbhirte, Oileán Ciarraí i gcluiche ceannais na scoileanna inniu.
Na Mistéallaigh, Trá Lí @ 11:00 r.n
Tacaígí leo!
Cluiche Ceannais Uile Éireann , Ciarraí V Corcaigh faoi 14!
Created : 13 May 2022, 11:28 AM
Archived : 20 Jul 2022, 12:00 AM
Go n-éirí go geal le Hayley, Éabha, Sibéal agus Sadhbh a bheidh ag imirt ar fhoireann Chiarraí faoi 14 i gcoinne Corcaigh sa Chluiche Ceannais Platanam, i bPáirc Uí Rinn amárach. Go n-éirí libh a chailíní!
Dúchas an Daingin
Created : 19 May 2022, 3:27 PM
Archived : 19 Jul 2022, 12:00 AM
Scoláireacht Quercus, Scoil an Dlí, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Created : 19 May 2022, 10:49 AM
Archived : 19 Jul 2022, 12:00 AM
Tá scoláireacht Quercus á bhronnadh ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh ar Shíomha Ní Ainiféin, iarscoláire na Pobalscoile, as an éacht a dhein sí sna scrúduithe anuraidh. Táimid an-bhródúil aisti.
Comhghairdeachas Síomha.
Foireann Caide Chiarraí faoi 14
Created : 09 May 2022, 9:14 PM
Archived : 19 Jul 2022, 12:00 AM
9/5/2022
Comhghairdeachas le Sadhbh, Éabha, Hayley agus Sibéal a bhí ag imirt ar fhoireann bhuachach Chiarraí faoi 14 i gcoinne Co. na Gaillimhe ar an Domhnach. Beidh siad ag dul ar aghaidh go dtí an babhta ceannais (platanam) go luath. Go n-éirí libh.
#GaiscíPCD22
Created : 18 May 2022, 2:55 PM
Archived : 18 Jul 2022, 12:00 AM
Ar an 17 Bealtaine bhailigh pobal na scoile le chéile i bhforhalla na scoile chun aitheantas a thabhairt do dhaltaí a bhí rannpháirteach in imeachtaí éagsúla scoile i rith na bliana, idir Spórt, Fiontar, Junk Kouture, TechFéile, Press Pass, Coiste Gaolainne, Teangacha agus a thuilleadh nach iad. Bronnadh duais ar dhalta an ranga agus ar dhaltaí a léirigh comoibriú agus daltaí a chur an Ghaeilge chun cinn i rith na bliana. Bhí John Prendergast ó Thobar Dhuibhne i láthair don ócáid agus bhronn sé dhá ghradam speisialta ar na daltaí seo a leanas:
Bronnadh 'Gradam Gaeltachta' ar Liam Ó hÓgáin, Bl. 6 agus 'Gaisce na Gaeltachta' ar Shinéad Ní Mhuircheartaigh, Bl.4.
Comhghairdeachas libh go léir.
Comhnascadh idir PCD agus Coláiste Chroí Mhuire gan Smal, An Spidéal, Co. na Gaillimhe.
Created : 18 May 2022, 12:52 PM
Archived : 18 Jul 2022, 12:00 AM
Bhí ana lá againn ar an Luan nuair a thug scoláirí na hIdirbhliana ó Choláiste Chroí Mhuire gan Smál ón Spidéal ar cuairt orainn. Bhí cad é ceol agus craic againn i dteannta chéile.
Bhí deis ag an dá choiste Gaolainne am a chaitheamh le chéile am lóin agus cúrsaí Gaolainne á dtabhairt le chéile!
Bhronn an Coiste Gaolainne leabhar agus dlúthdhiosca, 'Fad Saoil' le Joe Steve Ó Neachtain agus roinnt cóipeanna den leabhar 'Eadrainn Féin - Comóradh 50 bliain ó bhásaigh Máirtín Ó Cadhain' a chur na scoláirí le chéile ar an scoil. Ár mbuíochas libh.
#AnGhaolainn#Gaeltachtaí#Grádonteanga
Junk Kouture, RTÉ2, Déardaoin @7pm
Created : 18 May 2022, 11:49 AM
Archived : 18 Jul 2022, 12:00 AM
Éinne nach raibh i láthair ag an gcomórtas Junk Kouture sa Bhord Gáis le déanaí beidh deis agaibh Isabel agus na hiomaitheoirí eile a fheiceáil ar an teilifís oíche amárach, an 19ú Bealtaine @7:00i.n. ar RTÉ2. Ar an gclár beifear ag tabhairt cuireadh speisialta d'iomaitheoir eile dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile i measc an naonúr a roghnaíodh cheana féin sa Bhord Gáis.
Go n-éirí leat Isabel. Ná cailigí é!