Displaying 751-760 of 1287 results.
Féile na nGael 2022!
Created : 03 May 2022, 11:44 AM
Archived : 03 Jul 2022, 12:00 AM
Bhuaigh 'An Ghaeltacht' Féile na nGael Chiarraí, Roinn 2, ag an deireadh seachtaine. Beidh siad ag dul ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile den chomórtas. Comhghairdeachas libh!
Podchraoladh GAA inniu ag 11:15r.n
Created : 03 May 2022, 11:36 AM
Archived : 03 Jul 2022, 12:00 AM
Beidh an Irish Examiner linn inniu chun taifead beo a dhéanamh ar a bPodchraoladh Spóirt ag tuairimíocht ar an gcluiche idir Ciarraí agus Corcaigh a bheidh ar siúl i bPáirc Uí Rinn an Satharn beag seo. Paul Rouse a chuirfidh an podchraoladh i láthair agus beidh Dara Ó Cinnéide, iar-chaptaen Chiarraí, Ronan McCarthy iar-imreoir agus iar-bhainisteoir Chorcaí agus Éamonn Mac Muiris, iar-bhainisteoir Chiarraí ar an bpainéal.
Rás 5 km - Torthaí
Created : 29 Apr 2022, 7:15 PM
Archived : 29 Jun 2022, 12:00 AM
Na buachaillí is tapúla: Sa chéad áit: Seán Ó Fiannachta (17:59) Sa dara háit: David Ó Catháin (18:01) Sa tríú háit: Malachaí Ó Ciardubháin (18:30) Kieran Ó Catháin (buachaill is tapúla i ngrád sóisear - 19:17) Na cailíní is tapúla: Sa chéad áit: Ella Ní Shítigh (24:10) Sa dara háit: Eibhlín Ní Dhuibhghinn (27:16) Sa tríú háit: Niamh Ní Uallacháin agus Sarah Ní Allaráin (31:28) An múinteoir is tapúla: Pádraig Ó Conchúir (21:43)
Rás 5km
Created : 29 Apr 2022, 6:58 PM
Archived : 29 Jun 2022, 12:00 AM
Bhí rás 5km an-taitneamhach againn ar scoil inniu agus an lá ina uain mheala. Bhí an scoil ar fad rannpháirteach sa rás ar mhaithe le Cumann Naomh Uinseann de Pól. Ár mbuíochas le gach éinne a bhí chomh fial linn.
An Comórtas Aistritheoirí Óga
Created : 29 Apr 2022, 1:53 PM
Archived : 29 Jun 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas le Liam Ó hÓgáin atá i mbliain a 6 as an duais don aistriúchán is fearr i gCúige Mumhan a bhaint amach. Bhronn Jack Chambers TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt na duaiseanna ag ócáid in Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh i mBaile Átha Cliath. Rinne Liam téacsanna a aistriú ó Bhéarla agus Fraincis go Gaeilge. Ardfhear a Liam.
Fócas ar Litearthacht
Created : 27 Apr 2022, 11:55 AM
Archived : 27 Jun 2022, 12:00 AM
Idir Leanann séimhiú idir nuair a chiallaíonn sé ‘i measc’ nó both nó nuair a bhíonn liosta i gceist: Bhí idir bhuachaillí agus chailíní i láthair ACH Ní leanann séimhiú nuair a bhíonn spás nó am i gceist: Idir Baile Átha Cliath agus Corcaigh Idir meán oíche agus a dó a chlog Cleachtadh beag duit: 1. Bhí idir (páistí) _________ agus (múinteoirí) ______ ansin. 2. Stop mé uair amháin idir (Gaillimh) ________ agus (Sligeach) _______. Freagraí: Idir pháistí agus mhúinteoirí. / Idir Gaillimh agus Sligeach.
Comhghairdeachas le Kieran Ó Catháin!
Created : 26 Apr 2022, 3:20 PM
Archived : 27 Jun 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas le Kieran Ó Catháin a tháinig sa chéad áit sa chomórtas caitheamh méachain sa Lee Vale Open Sports in Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan (MTU) i gCorcaigh ag an deireadh seachtaine.
Ócaid Staire & Podchraoladh GAA an Irish Examiner - Dé Máirt 3 Bealtaine
Created : 26 Apr 2022, 3:17 PM
Archived : 27 Jun 2022, 12:00 AM
Tá ócáid staire á reáchtáil againn an tseachtain seo chugainn, Dé Máirt an 3 Bealtaine mar chuid de, Deich mBliana de Chomóradh Céad Bliain 1913 -1923. Is iontach an phribhléid dúinn go mbeidh an tOllamh Paul Rouse ó UCD agus an staraí áitiúil Noel Ó Murchú linn don ócáid. Beidh na léachtaí a thabharfaidh siad beirt ag luí isteach ar an tréimhse úd. ‘Sport and War’ a bheidh faoi chaibideal ag Paul agus beidh Noel ag díriú isteach ar ‘Réabhlóidí agus Trioblóidí 1913 – 1923’. Beidh na léachtaí ar siúl sa Phobalscoil ag tosnú ar a 7.00 i.n. agus beidh fáilte roimh chách. I rith an lae, ar an Máirt beidh Paul ag labhairt le buíon daltaí ar an Stair agus an tábhacht a bhaineann léi mar ábhar scoile. Chomh maith leis sin, táimid an-bhuíoch don Irish Examiner a bheidh linn chomh maith chun taifead beo a dhéanamh ar a bPodchraoladh Spóirt ag tuairimíocht ar an gcluiche idir Ciarraí agus Corcaigh a bheidh ar siúl i bPáirc Uí Rinn ar an Satharn dár gcionn.
Cailíní PCD ar fhoireann Chiarraí faoi 14 amárach!
Created : 22 Apr 2022, 4:06 PM
Archived : 22 Jun 2022, 12:00 AM
Guímid gach rath oraibh.
Foireann Rugbaí Chorca Dhuibhne!
Created : 20 Apr 2022, 12:14 PM
Archived : 20 Jun 2022, 12:00 AM
Aibreán 2022 Comghairdeachas le foireann Rugbaí Chorca Dhuibhne a bhuaigh Cluiche Ceannais na Mumhan Thiar, faoi 16, i gcoinne Oileán Chiarraí.