Displaying 791-800 of 1287 results.
Mionúir Chiarraí!
Created : 25 Mar 2022, 10:04 AM
Archived : 25 May 2022, 12:00 AM
Guímid gach rath ar Chaoimhe Nic Eoin, Neasa Ní Dhufaigh agus Kayla Getkate a bheidh ag imirt le Mionúir Chiarraí ar an Domhnach beag seo ag a 11:45r.n. Beidh Ciarraí á fhéachaint le Tír Eoghain díreach ina ndiaidh. Tacaíg leo!
Cailíní PCD ar phainéal Chiarraí faoi 14 ar an Satharn beag seo!
Created : 24 Mar 2022, 10:45 AM
Archived : 25 May 2022, 12:00 AM
Guímid gach rath ar Hayley Ní Fhlaithearta, Sadhbh Ní Shlattara, Éabha Ní Shiúrdáin, Sibéal Ní Shéaghdha agus foireann Chiarraí faoi 14 a bheidh ag imirt i gcoinne Corcaigh i mBaile an Mhuilinn, Caisleán na Mainge @ 12:00in ar an Satharn beag seo.
Tickets for this game are only available online - paste the link into your browser for ticket sales:
www.universe.com/events/munster-lgfa-u14-a-championship-kerry-v-cork-tickets-LZQMGT
Lúthchleasaíocht, 2022
Created : 24 Mar 2022, 5:10 PM
Archived : 24 May 2022, 12:00 AM
Tá bonn airgid uile-Éireann buaite ag Kiernan Ó Catháin sa chomórtas caitheamh méachain!
Ard fhear Kieran!
Craobh Réigiúnach do Junk Kouture, Dé Luain @ 7 i.n
Created : 18 Mar 2022, 10:33 AM
Archived : 20 May 2022, 12:00 AM
ar shuíomh YouTube Junk Kouture.
Go n-éirí le ‘Experi-Mental’ agus Isabel Holden
Feachtas bailithe don Úcráin!
Created : 18 Mar 2022, 10:39 AM
Archived : 18 May 2022, 12:00 AM
Ba mhór againn bhur gcabhair agus bhur dtacaíocht. Bíodh pé rud gur féidir leat a thabhairt i mbeart nó i mbosca dúnta le lipéad air ag áireamh a bhfuil istigh ann. Amannta leis an ábhar a thabhairt chugainn sa Phobalscoil thíos:
We would greatly appreciate your help.
Please box or place items in a package clearly labelled.
Amannta leis an ábhar a thabhairt chugainn sa Phobalscoil: Drop-off times ag Pobalscoil Chorca Dhuibhne attached.
Lá Fhéile Pádraig
Created : 16 Mar 2022, 10:51 AM
Archived : 17 May 2022, 12:00 AM
Lá Fhéile Pádraig earraigh-
Bíonn nead ar gach coill,
Breac ar gach linn,
Is laoigh i ngach cró in Éirinn
Nó
Comhfhaid lá is oíche Lá Fhéile Pádraig
Faisean Tapaidh-Bígí ar an Eolas!
Created : 16 Mar 2022, 12:48 PM
Archived : 16 May 2022, 12:00 AM
Cuireann faisean tapaidh go mór le hathrú aeráide agus truailliú timpeall an domhain. Táimidne i bPobalscoil Chorca Dhuibhne ag iarraidh ár bpáirt a dhéanamh chun an timpeallacht a chosint. Tá feachtas ar siúl ag an gCoiste Glas sa scoil:
• Táimid ag iarraidh daoine a spreagadh chun éadaí athláimhe a cheannach, réiteach simplí amháin ar fhadhb an-chasta.
• Molaimid do dhaoine níos lú éadaí a cheannach & iad a chaitheamh níos minicí.
Tá dualgas orainn go léir an fhadhb seo a aithint agus ár nósanna a athrú. Bígí ag smaoineamh faoin dtimpeallacht agus sibh ag ceannach éadaí as seo amach!
Bhí “Swap Shop” againn sa scoil inné. Tugadh éadaí isteach agus déanadh iad a mhalartú in ionad iad a chaitheamh amach.
D’éirigh go hiontach linn!
Junk Kouture 2022
Created : 16 Mar 2022, 10:58 AM
Archived : 16 May 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas le hAisling Ní Shúilleabháin agus Isabel Holden ó bhliain 4 a chur isteach ar an gComórtas Junk Kouture i mbliana.
Tá culaith Isabel, Experi-Mental, cáilithe don gCraobh Réigiúnach a bheidh ar siúl ar shuíomh YouTube Junk Kouture an tseachtain seo chugainn.
Go n-éirí go geal léi.
Beidh tuilleadh eolais againn ina leith go luath!
Duaiseanna Blagála
Created : 15 Mar 2022, 3:04 PM
Archived : 15 May 2022, 12:00 AM
Bhronn Treasa Ní Mhainín, Oidhreacht Chorca Dhuibhne, duaiseanna breátha ar dhaltaí na hIdirbhliana inniu. Bhí Dairena Ní Chinnéide, Scríbhneoir Cónaitheach na Pobalscoile i láthair ag an ócáid chomh maith.
Grúpa 1:
Sa chéad áit: Seán Ó Fiannachta
Sa dara háit: Aisling Ní Dhubhaigh
Sa tríú háit: Rachel Nic an Rí
Sa cheathrú háit: Jeaic Mac Gearailt
Grúpa 2:
Sa chéad áit: Ellie De Paor
Sa dara háit: Oscar Ó Donnabháin
Sa tríú háit: Ana Ní Bhrosnacháin
Sa cheathrú háit: Grace Ní Shé
Comhghairdeachas libh go léir, is maith ann sibh!
Feachtas bailithe don Úcráin
Created : 15 Mar 2022, 8:18 AM
Archived : 15 May 2022, 12:00 AM
A chairde,
Tar éis a bheith ag caint le Fiona Corcoran Dé Sathairn , agus léiriú uaithi ar an ngéarchéim sa Úcráin/Chernobyl leis na Teifigh, táimid ag eagrú feachtas bailithe earraí di, le seoladh go dtí an Ionad i gCorcaigh agus cuirfidh siadsan ar aghaidh é go dtí na hionaid atá acu cheana féin thall ansan. Táimid ag plé le Fiona le fada agus is duine iontach í, a dheineann gaisce agus obair na gcapall le muintir na hÚcráine le blianta fada.
Tá rudaí áirithe de dhíth orthu agus tá an t-eolas san sa Phóstaeir iniata.
Beidh an bailiú ag tosnú De Céadaoin 16ú agus tá sceideal leagtha amach ina dhiaidh san.
Seo an rud: bheadh sé go diail dá mbeimisne chun tosaigh lenár mboscaí/beartanna féin Dé Céadaoin más féidir? Cuirimid thíos staighre iad sa Forhalla agus spreagfaidh sé na daltaí?
Dála an scéil, bailíodh €1,830 sa ‘Bucket Collection’ Dé hAoine le cur leis an €1200 roimhe seo. Ar fheabhas
Grmíle