Displaying 811-820 of 1287 results.
Ceardlann Róbataice
Created : 04 Mar 2022, 3:41 PM
Archived : 09 May 2022, 12:00 AM
Ceardlann Róbataice Bhí ceardlann róbataice ag an rang TechSpace le déanaí, le hOrla Ní Shíthigh ó Kinia.ie & lena múinteoir, Pádraig Ó Dubhaigh. Deis iontach do dhaltaí a gcuid scileanna i STEAM [san Eolaíocht, sa Teicneolaíocht, san Innealtóireacht, sna hEalaíona agus sa Mhatamaitic] a fheabhsú fad is atá siad ag ullmhú do TechFéile 2022.
Seachtain na Gaeilge
Created : 07 Mar 2022, 2:50 PM
Archived : 07 May 2022, 12:00 AM
Seachtain na Gaeilge 2022 faoi lán tseoil, céilí ag an gcéad bhliain le hAngela ar maidin.
€1,200 bailithe i bPCD inniu don UNHCR!
Created : 04 Mar 2022, 4:15 PM
Archived : 04 May 2022, 12:00 AM
Go raibh maith agaibh
Ceolchoirm ar mhaithe le Seirbhís Aerárthach othar Phobal na hÉireann.
Created : 04 Mar 2022, 3:55 PM
Archived : 04 May 2022, 12:00 AM
Ceolchoirm ar mhaithe le Seirbhís Aerárthach othar Phobal na hÉireann. Tá Mícheál Ó hIarlaithe, iarmhúinteoir CBS An Daingin, ag eagrú ceolchoirm ar mhaithe le Seirbhís Aerárthach Othar Phobal na hÉireann. Beidh an banna ceoil ‘na Fadas’, an veidhleadóir iomráite, Máire Breathnach, amhránaithe Laurence Courtney, Niamh Varian Barry, Peter Staunton ag glacadh páirt agus beidh Mícheál ag seinnt an bosca ceoil . Beidh Órlaith and Caoimhe Ní Néill ag rince. Beidh sruthú beo ó Shiopa Cheoil an Daingin ó 8:00 - 9.30pm ar an Satharn beag seo, 5ú Márta, 2022 ar www.tvlive.ie/siopa. Is féidir teacht ar an gCeolchoirm tar éis chomh maith ag úsáid an nasc seo: www.tvlive.ie/siopa Beidh fáilte roimh shíntiúis deonacha ar communityairambulance.ie Tacaíg leo más féidir!
Sodar do SnaG - 12ú Márta
Created : 04 Mar 2022, 3:36 PM
Archived : 04 May 2022, 12:00 AM
Mar chuid de Sheachtain na Gaelainne, tá Rith / Siúl timpeall an Daingin á eagrú ar an 12ú Márta ag a 11:00. Is féidir tuilleadh eolais a fháil agus clárú anseo: www.tinyurl.com/RithSnag Fearadh na fáilte roimis gach éinne agus beidh neart féiríní againn le tabhairt amach ar an lá.
Comhghairdeachas le Miriam Ní Shúilleabháin!
Created : 28 Jan 2022, 10:24 AM
Archived : 04 May 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas ó chroí le Miriam Ní Shúilleabháin a bhain an chéad áit amach i gcomórtas léitheoireachta Fraincise uile-Éireann, roinn sinsearach. Comhghairdeachas chomh maith leis na daltaí seo thíos a cuireadh ar an ngearrliosta: Laoise Ní Fhallúin Ní hIceadha, Sibéal Ní Ógáin Liam Ó hÓgáin Tréaslaím leis na hiarrathóirí ar fad ón bPobalscoil a chur isteach ar an gcomórtas seo, molaim go hard bhur gcuid oibre. Félicitations Miriam, bravo!
Soilse, Ceamara, Aicsean!
Created : 02 Mar 2022, 12:54 PM
Archived : 30 Apr 2022, 12:00 AM
Soilse, Ceamara, Aicsean! Iriseoirí na Pobalscoile ag baint súp as an gCúrsa 'Iriseoirí An Lae Amárach'
Seanfhocal na Seachtaine - Céadaoin an Luaithrigh.
Created : 02 Mar 2022, 12:50 PM
Archived : 30 Apr 2022, 12:00 AM
Aoine an Chéasta is mór an céasadh bainne a ól, Domhnach Cásca is mór an náire a bheith gan feoil, Céadaoin an Luaithrigh bainfí an chluas den té a íosfadh feoil.
Lá na bPancóga i bPCD !
Created : 01 Mar 2022, 4:28 PM
Archived : 29 Apr 2022, 12:00 AM
Is maith an t-anlann an t-ocras! Lá na bPancóga i bPCD. Bhí ana lá againn sa tseomra Eac Bhaile inniu. Bainíg súp as na !
Seachtain na Gaolainne!
Created : 01 Mar 2022, 1:21 PM
Archived : 29 Apr 2022, 12:00 AM
Seachtain na Gaeilge, 1-17 Márta Cé go bhfuil tús curtha le Seachtain na Gaolainne inniu, tá sé do nós againn sa Phobalscoil fanacht go dtí an tseachtain dár tús 7ú Márta chun imeachtaí/gníomhaíochtaí a eagrú sa scoil. Dhá shúil Dhá chluas Dhá lámh Dhá chos.... Dhá theanga Gan dabht!