Displaying 841-850 of 1284 results.
An scór deireanach: 49 le 40
Created : 27 Jan 2022, 6:32 PM
Archived : 27 Mar 2022, 12:00 AM
Níor éirigh lenár mbuachaillí faoi 19 sa chluiche leathcheannais inniu, 49 le 40. Táimid an-bhródúil astu. Tá gaisce déanta acu i mbliana.
Tá an chéad chluiche buaite ag foireann chispheile na mbuachaillí, 49 le 46 in am breise!
Created : 27 Jan 2022, 1:22 PM
Archived : 27 Mar 2022, 12:00 AM
Tá an chéad chluiche buaite ag foireann chispheile na mbuachaillí, 49 le 46 in am breise! Táid cáilithe chun imirt sa chluiche leathcheannais @ 3:00 i.n. Go n-éirí go geal leo!
Foireann Chispheile na mBuachaillí ag imirt arís amárach!
Created : 26 Jan 2022, 12:58 PM
Archived : 26 Mar 2022, 12:00 AM
Tá dúshlán mór eile roimh fhoireann Chispheile na mBuachaillí faoi 19 ar an Déardaoin beag seo. Beidh siad ag scaoileadh faoi Bhaile Átha Cliath arís chun páirt a ghlacadh sa tSraith Uile-Éireann a bheidh ar siúl i Láthair Náisiúnta Chispheile na hÉireann. Beidh an chéad chluiche ar siúl ar a 11:00 r.n. i gcoinne Choláiste Wesley, Baile Átha Cliath. Má éiríonn leo na cosa a thabhairt leo sa chluiche sin, beidh an dara cluiche acu ar a 3:00 i.n. Guímid gach rath orthu!
Go n-éirí le foireann chispheile na gcailíní i nGaelcholáiste Chiarraí.
Created : 24 Jan 2022, 9:54 AM
Archived : 26 Mar 2022, 12:00 AM
Go n-éirí le foireann chispheile na gcailíní i nGaelcholáiste Chiarraí atá ag imirt sa Chluiche Ceannais i dTamhlacht.
Míreanna nuachta faoinár bhfoireann bhuacach Chispheile!
Created : 24 Jan 2022, 2:02 PM
Archived : 25 Mar 2022, 12:00 AM
Míreanna nuachta faoinár bhfoireann bhuacach chispheile atá tar éis misneach, mórtas agus muinín a spreagadh ionainn go léir. PCD abú! twitter.com/NuachtTG4/status/1484257152210554884?s=20 tuairisc.ie/uosis-an-laoch-ag-pobalscoil-chorca-dhuibhne-agus-craobh-na-heireann-buaite-sa-chispheil-acu/
Seaimpíní Uile- Éireann, Corn na Scoileanna faoi 19C, Buachaillí, Eanáir 20, 2022!
Created : 20 Jan 2022, 4:14 PM
Archived : 25 Mar 2022, 12:00 AM
20/1/2022 Cluiche Ceannais Chorn na Scoileanna Uile-Éireann urraithe ag Pinergy i Láthair Náisiúnta Chispheile na hÉireann, Tamhlacht, Baile Átha Cliath An scór deireanach: Pobalscoil Chorca Dhuibhne 57 Gaelcholáiste Cheatharlach 34 PCD Abú. Griangraif: PCD agus Sportsfile
Cispheil na mBuachaillí faoi 19.
Created : 18 Jan 2022, 3:58 PM
Archived : 21 Mar 2022, 12:00 AM
Beidh an fhoireann faoi 19 ag imirt i gCluiche Ceannais Chorn na Scoileanna Uile-Éireann urraithe ag Pinergy ar an Déardaoin beag seo. Beidh siad ag imirt i gcoinne Gaelcholáiste Cheatharlach i Láthair Náisiúnta Chispheile na hÉireann, Tamhlacht, Baile Átha Cliath ag tosnú ar a 2:15 i.n. Sruthú Beo den chluiche le fáil ar chainéal YouTube Basketball Ireland.
Tá dhá bhus tacaíochta ar an tslí go Tamhlacht!
Created : 20 Jan 2022, 10:44 AM
Archived : 20 Mar 2022, 12:00 AM
Beidh an fhoireann ag bualadh bóthair go luath. Bhí an seisiún deireanach traenála acu in Ollscoil Luimnigh! Go n-éirí go geal leo inniu.
Comórtas Certified Irish Angus
Created : 20 Jan 2022, 9:53 AM
Archived : 20 Mar 2022, 12:00 AM
D'imigh scoláirí ón Idirbhliain go Luimneach an tseachtain seo le haghaidh agallamh don chomórtas Certified Irish Angus. Sin iad, Sinéad Ní Mhuircheartaigh, Seán Ó Fiannachta agus Páidí Mac Gearailt. Beidh na torthaí againn an tseachtain seo chughainn
Agallaimh leis an bhfoireann faoi 19!
Created : 19 Jan 2022, 8:09 PM
Archived : 19 Mar 2022, 12:00 AM
Agallaimh leis an bhfoireann faoi 19 a bheidh ag imirt i gCluiche Ceannais na Scoileanna Uile-Éireann amárach le feiceáil ar Vimeo anois. Buíochas le Joe Saunders, iarscoláire dár gcuid. Nasc anseo: vimeo.com/667790592