Displaying 801-810 of 1287 results.
Comhghairdeachas Max!
Created : 14 Mar 2022, 6:12 PM
Archived : 14 May 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas le Max Ó Nualáin-Cinnéide, Bliain 3, as an ngaisce atá déanta aige sa dornálaíocht le déanaí.
Niamh Ní Chonchúir
Created : 14 Mar 2022, 11:42 AM
Archived : 14 May 2022, 12:00 AM
Tá Cluiche Ceannais Chorn Uí Chonchúir buaite ag foireann caide Ollscoil Luimnigh. Bhí Niamh Ní Chonchúir, iarscoláire dár gcuid, ag imirt leo. Comhghairdeachas libh! Ollscoil Luimnigh 0-12 Coláiste na hOllscoile, Corcaigh 0-11
Mary Campbell Shea, Springfield
Created : 14 Mar 2022, 8:41 AM
Archived : 14 May 2022, 12:00 AM
Tá scéala báis, Mary Campbell Shea, Springfield, Massachusetts tagaithe chugainn agus dá bharr san tá ualach bróin agus uaignis á bhraith againn anseo sa Phobalscoil. B'í Mary an ósta gan locht a bhí ag ár bhfoireann cispheile i Springfield sa bhliain 2015. Chuir Mary agus a fear céile Joe fíor chaoin fáilte romhainn ina dtigh agus bhí císte milis speisialta agus bratach na hÉireann ann romhainn. Bean fhlaithiúil álainn ab ea Mary a chuir go mór lenár dturas a mhairfidh inár gcuimhne go deo. Bhí sí inár gcuideachta agus sin ag tabhairt turas cultúrtha ar chlub John Boyle O' Reilly. Chomh maith leis sin bhí lámh aici in eagrú ár gcluiche dúshlánach i gcoinne East Longmeadow sa halla cispheile suntasach i Springfield. Seolaimid ár gcomhbhrón ó chroí go dtí a fear céile Joe agus an chlann go léir. Leaba i measc na naomh go raibh aici. obits.masslive.com/us/obituaries/masslive/name/mary-campbell-obituary?id=33590612
Cluiche Chorn Ruiséal, Buachaillí faoi 15
Created : 11 Mar 2022, 9:53 AM
Archived : 11 May 2022, 12:00 AM
Dé Céadaoin, 10ú Márta, 2022 i bPáirc an Áthasaigh, Daingean Uí Chúis Pobalscoil Chorca Dhuibhne 4:10 v An Scoil Idirmheánach, Cill Orglan 3:05 Comhghairdeachas agus go n-éirí libh inniu!
Gairmthreoir
Created : 10 Mar 2022, 3:58 PM
Archived : 10 May 2022, 12:00 AM
Déardaoin, 3ú Márta Cainteoir ó MTU ag Bl.5 &6
Cispheil na gCailíní
Created : 10 Mar 2022, 2:37 PM
Archived : 10 May 2022, 12:00 AM
Déardaoin, 11ú Márta Cailíní bhliain.1; PCD, 16 V Coláiste Íde agus Iosaf, 25 Bhí bua iontach ag cailíní bhliain 2: PCD, 34 V Coláiste Íde agus Iosaf, 25 Comhghairdeachas libh!
Buaiteoirí Fiontar 2022
Created : 10 Mar 2022, 2:18 PM
Archived : 10 May 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas ó chroí leis an ngrúpa 'Faoiseamh Farraige' ó Bhliain 4, Ana Ní Bhrosnacháin, Rachel Nic an Rí, Orla Ní Chinnéide agus Sinéad Ní Mhuircheartaigh a bhuaigh an Comórtas Réigiúnda sa bhFiontraíocht inné. Tá siad cáilithe anois do Chraobh na hÉireann a bheidh ar siúl sa Ghaillimh go luath san Aibreán. Comhghairdeachas chomh maith leis an ngrúpa 'Cipín is Duilleog', Ella Nic a tSíthigh, Aoibhinn Nic Gearailt, Aoife Ní Chinnéide, Clare Ní Allarúin agus Clíona Nic an tSiúl, a bhuaigh duais don nuálaíocht sa chomórtas céanna. Bhí na moltóirí an-tógtha leis na grúpaí ar fad a bhí rannpháirteach sa chomórtas i mbliana agus ba dheacair dóibh buaiteoirí a roghnú.
Éisteachtaí - Dráma Nua do dhéagóirí
Created : 10 Mar 2022, 12:35 PM
Archived : 10 May 2022, 12:00 AM
An bhfuil bua na haisteoireachta agat? Tá Saol Ella ar thóir aisteoirí óga, 12 -18 mbliana d'aois, chun páirt a ghlacadh i ndráma nua do dhéagóirí a bheidh le feiscint ar TG4 go luath
Cispheil na gCailíní
Created : 09 Mar 2022, 3:59 PM
Archived : 09 May 2022, 12:00 AM
Dé hAoine, 4 Márta Bhí cluiche an-chóngarach ag cailíní bhl.1 i gcoinne cailíní Choláiste Íde ar an Aoine ach b'iad cailíní Choláiste Íde a thug na cosa leo sa deireadh! Beidh lá eile acu! PCD, 18 V Coláiste Íde, 22 Bhí bua iontach ag cailíní bhliain 2 i gcoinne Choláiste Íde ar an Aoine chomh maith. Comhghairdeachas libh! PCD, 32 V Coláiste Íde, 6
Córas Yondr i bhfeidhm sa scoil!
Created : 09 Mar 2022, 3:57 PM
Archived : 09 May 2022, 12:00 AM
Tá cosc ar an bhfón póca i rith an lae i bPobalscoil Chorca Dhuibhne leis an gcóras nua Yondr atá i bhfeidhm sa scoil. Seo tuairisc ó Sheán Mac a' tSíthigh ar Nuacht TG4 ina leith. www.tg4.ie/ga/player/seinn/?pid=6299912624001&title=Nuacht%20TG4&series=Nuacht%20TG4&genre=Cursai%20Reatha&pcode=626898. (tosnaíonn sé ag 15:20) www.rte.ie/news/regional/2022/0308/1285117-phones-in-school/