Displaying 61-70 of 817 results.
Tá bhur dtacaíocht uainn! Daedalus Sports need your votes now!
Created : 10 Jul 2023, 9:03 AM
Archived : 10 Sep 2023, 12:00 AM

Go n-éirí go geal leDaedalus Sports gCraobh na hEorpa in Iostanbúl!

Ní rachaidh do chosaint béil amú níos mó leis an smaoineamh seo ó fhoireann Phobalscoil Chorca Dhuibhe – póca ar an stoca peile don chosaint béil!

  vóta poiblí don gcomhlacht is fearr san Eoraip oscailte anois agus bheimis ana-bhuíoch dá gcaithfeadh sibh vóta dóibh.

Chun Vótáil téir go dtíhttps://expo.gen-e.eu/expo .

Brúigh ar “Expo Area

Brúigh ar “JA Company

Roghnaigh “ Daedalus Sports

Brúigh ar “Vote!

 

Daedalus Sports need your votes now!

Best of luck to Cian, Padraig, Cathal agus Tadhg who are representing Ireland at the Junior Achievement awards in Istanbul this week. You can show your support by voting for them.

Just click on the link https://expo.gen-e.eu/expo .

Press “Expo Area

Press “JA Company

Select “ Daedalus Sports

Press “Vote!

Scúdú ceoil na hArdteiste / Leaving Cert Music
Created : 22 Jun 2023, 9:17 AM
Archived : 22 Aug 2023, 12:00 AM

Mar eolas:

Tosnóidh an scrúdú ceoil ag 1.30 inniu, 22/6/2023.

 

For you information:

The music exam will commence at 1.30pm, this afternoon, 22/5/2023.

Iompar Scoile 2023-2024 / School transport 2023-2024
Created : 07 Jun 2023, 12:49 PM
Archived : 07 Aug 2023, 12:00 AM

 

 0?ui=2&ik=604030460e&attid=0.1.1&permmsgid=msg-f:1768040985890972619&th=188957e8c05ce3cb&view=fimg&fur=ip&sz=s0-l75-ft&attbid=ANGjdJ9GsO0TE87B2pDPpHNmQEJuAS53zmrQqxrL8nOMw7ItWarnfBK3z1cAqSWVZk4DWVhdpmKAqVemtLlC8NMZx-wKD2AAraafQaH-ZvXJnZeignKMtxk1hM0f71Y&disp=emb

Féach thíos uasdátú maidir leis an Scéim Iompair Scoile, ina bhfuil eolas tábhachtach maidir le dátaí deiridh agus Tairseach Theaghlaigh Bhus Éireann a bheith á dúnadh go sealadach.

Bheinn buíoch díot ach é seo a scaipeadh mar eolas do theaghlaigh a d'fhéadfadh a bheith ag úsáid iompar scoile.

 

Eolas do theaghlaigh maidir le hÍocaíocht i leith Iompar Scoile

An Próiseas don Scoilbhliain 2023/24

Íocaíochtaí/Sonraí Cártaí Leighis

Ní mór Íocaíocht/sonraí chárta leighis an linbh a chur isteach do na leanaí go léir ar mian leo go gcuirfí san áireamh iad do thicéad don scoilbhliain 2023/24 roimh an 9 Meitheamh 2023 ar buseireann.ie/schooltransport.  I ndiaidh an dáta sin, is íocaíocht mhall a bheidh ann agus ní féidir a chinntiú go mbeidh ticéid ar fáil do dhaltaí incháilithe. 

 

Tairseach Theaghlaigh Bhus Éireann á Dúnadh

Tabhair do d’aire, le do thoil, go ndúnfar tairseach theaghlaigh Bhus Éireann do gach iarratas agus íocaíocht ar feadh trí seachtaine ón 9 Meitheamh 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2023 agus nach bhféadfar iarratas déanach a dhéanamh ná íocaíocht dhéanach a dhéanamh nó sonraí cárta leighis a iontráil go mall go dtí na n-athosclófar an tairseach theaghlaigh.

Tá sé sin riachtanach ionas go bhféadfaidh Bus Éireann iarratais a phróiseáil, iompar a shocrú, na hiarratais go léir a mheas agus a chinneadh an iarratais incháilithe nó lamháltais iad agus Bearta Maolaithe Sealadacha (TAMS) a chur san áireamh a luaithe agus is féidir don scoilbhliain 2023/24. Tá sé i gceist ag Bus Éireann na ticéid incháilithe go léir a eisiúint ó mhí Iúil.

Déanfar ticéid a eisiúint chuig scoláirí incháilithe a rinne iarratas agus a d’íoc/a chuir isteach sonraí cárta leighis in am. Nuair a bheidh an leithdháileadh sin déanta, i gcás go bhfuil suíocháin ar fáil, déanfar ticéid lamháltais a eisiúint.

Beidh iarratas ar bith a rinneadh i ndiaidh an 28 Aibreán 2023, nó íocaíocht/sonraí cárta leighis ar bith a chuirtear isteach i ndiaidh an 9 Meitheamh 2023 déanach. Nuair a tharlaíonn sé sin, ní féidir a chinntiú go mbeidh ticéad ar fáil do scoláirí incháilithe.

 

Tá lárionad glaonna tiomnaithe um chúram custaiméirí bunaithe ag Bus Éireann chomh maith le foirm theagmhála ar buseireann.ie/schooltransport chun cabhrú go sonrach le teaghlaigh a bhfuil ceisteanna acu maidir le hIompar Scoile le linn thréimhse ghnóthach an tsamhraidh. Féadfaidh teaghlaigh a bhfuil ceisteanna acu teagmháil a dhéanamh leis an lárionad glaonna ar: LoCall 0818 919 910. Is iad na huaireanta oibre ná 09.00 – 17.00 ó Luan go hAoine

 

Má tá ceisteanna ag teaghlaigh maidir le hiompar do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, déan teagmháil leis an Rannóg Iompair Scoile, an Roinn Oideachais ag:

Ríomhphost: school_transport@education.gov.ie

Fón: 057-9325469 nó 057 9325466

 

Íocaíochtaí/Cártaí leighis

Tá sé tábhachtach a chinntiú go gcuirtear isteach íocaíocht/sonraí chárta leighis an linbh d’iarratasóirí nua agus freisin do dhaltaí a rinne iarratas ar/a bhain leas as iompar scoile cheana agus a dteastaíonn suíochán uathu ar sheirbhís don scoilbhliain 23/24.

Tá leanaí (atá incháilithe d’iompar scoile) agus a bhfuil cártaí leighis bailí acu (Scéim GMS) díolmhaithe ón táille bhliantúil a íoc. Mar sin féin, ní mór sonraí a gcárta leighis a chur isteach roimh an 9 Meitheamh 2023.

Moltar go mór do theaghlaigh a chinntiú go ndéanann siad íocaíocht/go gcuireann siad isteach sonraí chárta leighis a linbh in am. I gcás iarratais dhéanacha a dhéantar i ndiaidh an 28 Aibreán 2023 nó íocaíochtaí déanacha i ndiaidh an 9 Meitheamh 2023, d’fhéadfadh sé nach mbeadh ticéad ar fáil.

Chun d’íocaíocht a dhéanamh nó chun sonraí chárta leighis do linbh a chur isteach, téigh chuig  buseireann.ie/schooltransport faoin Aoine an 9 Meitheamh.

Tá an Táille Bhliantúil do Sheirbhísí Iompair Scoile don scoilbhliain 2023/24 leagtha amach thíos.

 

Catagóir dalta

 

Táille Bhliantúil

Dalta Bunscoile Incháilithe/ Lamháltais

 

€50

Dalta Iar-bhunscoile Incháilithe/ Lamháltais

€75

Uastáille bhliantúil do theaghlaigh

€125

 

Incháilitheacht

Tá leanaí incháilithe d’iompar ag leibhéal na bunscoile i gcás go bhfuil cónaí orthu achar nach bhfuil níos lú ná 3.2 ciliméadar ón mbunscoil is gaire dóibh agus go bhfuil siad ag freastal ar an scoil sin agus ag leibhéal na hiar-bhunscoile má tá cónaí orthu achar nach bhfuil níos lú na 4.8 ciliméadar ón iar-bhunscoil/ionad oideachais is gaire dóibh agus go bhfuil siad ag freastal ar an iar-bhunscoil/ionad oideachais sin de réir mar a chinneann an Roinn/Bus Éireann agus teanga agus éiteas á gcur san áireamh.

  • Cuirfear áiteanna ar fáil do leanaí atá incháilithe d’iompar scoile agus a bhfuil an próiseas iarratais agus íocaíochta curtha i gcrích acu in am ar sheirbhísí iompair scoile áit a bhfuil seirbhísí den chineál sin ag feidhmiú.

 

  • I gcás leanaí nach bhfuil incháilithe d’iompar scoile, ach go gcuireann siad an próiseas iarratais agus íocaíochta i gcrích in am, déanfar iad a bhreithniú do shuíocháin fholmha a d'fhéadfadh a bheith ar fáil nuair atá freastal déanta ar leanaí incháilithe; tugtar suíocháin lamháltais ar shuíocháin den chineál sin.

 

  • Mar gheall ar chineál an iompair lamháltais do leanaí neamh-incháilithe agus an tosaíocht a bhaineann le háiteanna a sholáthar do leanaí incháilithe, d'fhéadfadh sé go mbeadh an t-éileamh ar áiteanna lamháltais níos mó ná an soláthar. I gcásanna den chineál sin, úsáidfidh Bus Éireann próiseas roghnaithe comhaontaithe chun ticéid do shuíocháin fholmha a leithdháileadh.

 

  • Ina theannta sin, beidh bearta maolaithe sealadacha i bhfeidhm go fóill don scoilbhliain 2023/24, go dtí go mbeidh athbhreithniú ar an scéim iompair scoile curtha i gcrích agus ciallaíonn sé sin go gcuirfear iompar ar fáil, áit a bhfuil seirbhísí den chineál sin ag feidhmiú, do dhaltaí iar-bhunscoile atá incháilithe d’iompar chuig an scoil is gaire dóibh agus atá ag freastal ar an dara scoil/hionad iar-bhunscoile is gaire dóibh agus a dhéanann iarratas agus íocaíocht in am.

 

Daltaí ón Úcráin

Níor cheart do dhaltaí ón Úcráin a dteastaíonn iompar scoile uathu iarratas a dhéanamh ar thairseach theaghlaigh Bhus Éireann ach ba cheart dóibh dul chuig gov.ie/ukraine chun teacht ar mhionsonraí faoin mbealach le hiarratas a dhéanamh. Tabhair do d'aire, le do thoil, nach gá do dhaltaí ar bith ón Úcráin atá ar iompar scoile cheana féin athiarratas a dhéanamh don scoilbhliain 2023/24 murar athraigh siad seoladh nó scoil.

 

An Rannóg Iompair Scoile

An Roinn Oideachais

 

 

 

Please see an update below in respect of the School Transport Scheme, which contains important information on closing dates and temporary closure of the Bus Éireann Family Portal.

I would be grateful if you could circulate to families who may use school transport for their information.

 

Information for families regarding School Transport Payment

Process for 2023/24 School Year

Payments/Medical Card Details

Payment/child’s medical card details for all pupils who wish to be considered for the allocation of a ticket for the 2023/24 school year must be submitted before 9 June 2023 On buseireann.ie/schooltransport.  After this date, this will be a late payment and tickets are not guaranteed to eligible pupils. 

 

Bus Éireann Family Portal Closure

Please note the Bus Éireann family portal will close for all applications and payments for a period of 3 weeks from 9 June 2023 to 30 June 2023 and it will not be possible to make a late application, or make a delayed payment or delayed entry of medical card details until the family portal reopens.

This is necessary so that Bus Éireann can process applications, arrange transport and to assess all applications and determine whether they are eligible or concessionary and to include Temporary Alleviation Measures (TAMS) as soon as possible for the 2023/24 school year. Bus Éireann plans to issue all eligible tickets from July.

Tickets will be issued to eligible students who have applied and paid/entered medical card details on time. After this allocation is complete, where seats are available, concessionary tickets will be issued.

Any application made after 28 April 2023, or any payment/medical card details submitted after 9 June 2023 will be late. Where this happens, eligible students are not guaranteed a ticket.

 

Bus Éireann has put in place a dedicated customer care call centre and a Contact Form on buseireann.ie/schooltransport to assist families specifically with School Transport queries during the busy summer period. Families that have queries can contact the call centre on: LoCall 0818 919 910. Operating hours are 09.00 – 17.00 Monday to Friday

 

If families have queries relating to transport for children with special educational needs) please contact School Transport Section, Department of Education at:

Email: school_transport@education.gov.ie

Phone: 057 9325469 or 057 9325466

 

Payments/Medical Cards

It is important to ensure that payments/child’s medical card details are submitted for new applicants and also for pupils who have previously applied/availed of school transport and require a seat on a service for the 23/24 school year.

Children (who are eligible for school transport) with valid medical cards (GMS Scheme) are exempt from paying the annual charge, however their medical card details must be submitted before 9 June 2023.

Families are strongly urged to make sure that they pay/enter child’s medical card details on time. Late applications made after 28th April 2023, or late payment after 9 June 2023 may mean that a ticket is not available.

To make your payment or enter your child's medical card details, go to buseireann.ie/schooltransport by Friday 9 June.

The Annual Charge for School Transport Services for the 2023/24 school year is set out below:

 

Category of pupil

 

Annual Charge

Primary Eligible/ Concessionary pupil

 

€50

Post primary Eligible/ Concessionary pupil

€75

Maximum annual charge for families

€125

 

Eligibility

Children are eligible for transport at primary level where they reside not less than 3.2 kilometres from and are attending their nearest national school, and at post-primary level where they reside not less than 4.8 kilometres from and are attending their nearest post-primary school/education centre as determined by the Department/Bus Éireann, having regard to ethos and language.

  • Children who are eligible for school transport and who have completed the application and payment process on time will be accommodated on school transport services where such services are in operation.

 

  • Children who are not eligible for school transport, but who complete the application and payment process on time, will be considered for spare seats that may exist after eligible children have been facilitated; such seats are referred to as concessionary seats.

 

  • Because of the nature of concessionary transport for non-eligible children and the priority of providing places for eligible children, there may be an excess of demand over supply for concessionary places, in these cases Bus Éireann will allocate tickets for spare seats using an agreed selection process.

 

  • In addition, temporary alleviation measures will continue for the 2023/24 school year, pending completion of the school transport scheme review and this means that transport will be provided, where such services are in operation, for post-primary pupils who are eligible for transport to their nearest school and are attending their second nearest school/ post-primary centre and who apply and pay on time.

 

Pupils from Ukraine

Pupils from Ukraine who require school transport should not apply on the Bus Éireann family portal but should visit gov.ie/ukraine for details on how to apply. Please note that any pupils from Ukraine who are currently on school transport do not need to re-apply for the 2023/24 school year unless they have changed address or school.

School Transport Section

Department of Education

School_transport@education.gov.ie

Gov.ie/schooltransport

0?ui=2&ik=604030460e&attid=0.1.1&permmsgid=msg-f:1768040985890972619&th=188957e8c05ce3cb&view=fimg&fur=ip&sz=s0-l75-ft&attbid=ANGjdJ_A_JCjBAus2kSCgDgXKtFoK8qhx-dSqzGAFhxRUiB_etH1phAHSmKKRMpl2cox6CbaTRnQWVqsYMf3BOFgCBN0kDA0LpcIRF_mb-EUi_6gx5fG3QDmXOSH-_8&disp=emb

 

 

 

Tuismitheoirí bhliain 3 / Parents of year 3
Created : 06 Jun 2023, 4:22 PM
Archived : 06 Aug 2023, 12:00 AM

A chairde,

Beatha agus sláinte chugat. 

Mar is eol daoibh tá na Scrúduithe Stáit ag tosnú sa scoil amárach. Tá seomraí na scoile ar fad in úsáid mar ionaid scrúduithe. Dá bharr sin beidh ar na daltaí atá ag suí scrúduithe na Sraithe Sóisearaí an scoil a fhágaint idir an scrúdú ar maidin agus an ceann tráthnóna. 
Faraor, caithfear é seo a dhéanamh chun a chinntiú go bhfuil ciúnas mór thimpeall na scoile agus daltaí na hArdteiste fós ag gabháil do scrúduithe. Tá sé tábhachtach go dtabharfadh sibh faoi ndeara go mbeidh bearna ama dhá uair an chloig i gceist idir deireadh an scrúdú ar maidin agus tús le scrúdú an tráthnóna. 
Anuas air sin, beidh na busanna ag fágaint ag deireadh scrúdú na hArdteiste gach tráthnóna, agus ciallaíonn sé sin go mbeidh bearna ama ann idir críoch le scrúduithe na Sraithe Sóisearaí agus críoch le scúduithe na hArdteiste chomh maith. 

Guím gach rath ar na daltaí agus éireoidh go breá leo. 

As you are aware the State Examinations are commencing tomorrow. All the rooms in the school are being used as exam centres. As a result, students sitting the Junior Cycle exams will have to leave the school between the finish of the morning exam and the commencement of the evening paper.
Unfortunately, this has to be done to ensure that the building is quiet for the Leaving Certificate students, as their exams will be ongoing during that period. It is important to realise that Junior Cycle students have a two hour break between their exams.
It is also important to note that the buses will be leaving at the finish of the Leaving Certificate exam each evening, meaning there is a gap between the end of the Junior Cycle exam and the bus departing.

I wish all of the students the very best in their exams and I am sure they will get on well. 

Le buíochas, 

Éamonn Mac Muiris 
Príomhoide

Tuismitheoirí bhliain 3 & 6 / Parents of year 3 & 6
Created : 06 Jun 2023, 11:54 AM
Archived : 06 Aug 2023, 12:00 AM

Go n-éirí leis an daltaí ar fad sna scrúduithe stáit ag tosnú amárach, Dé Céadaoin, 7 Meitheamh 2023.

Dé réir Coimisiún na Scrúduithe Stait tá ar gach iarrathóir a bheith ina s(h)uíochán 30 noimead roimh tús an scrúdú ar an gcéad lá agus ar a laghadh 15 nóiméad roimh ré gach lá eile.

 

Good luck to all the students in the state exams beginning tomorrow, Wednesday, 7th June 2023. 

The state exams commission requires that each candidate is in their assigned seat 30 minutes before the start of the exam on the first day and at least min in advance on all other days.

 

Turas scoile go Barcelona, Deireadh Fómhair 23 / Barcelona trip, Oct 23
Created : 22 May 2023, 9:51 AM
Archived : 02 Aug 2023, 12:00 AM
Buenos Días,
Táim chugaibh arís, thar cheann na Roinne Spáinnise maidir leis an dturas go Barcelona. Go raibh míle maith agaibh as an íocaíocht do 300 euro.
Táimid ag súil go mór leis an dturas cultúrtha chun na Spáinne i mí Dheireadh Fómhair. Beimid ag eitilt ó Chorcaigh ar an Luan 02/10 luath ar maidin agus ag eitilt abhaile ar an nDéardaoin 05/10 um thráthnóna. 
Beidh oíche eolais againn sa scoil i Meán Fómhair. Idir an da linn, cinntígh le bhúr dtoil go bhfuil an pas in órd agus mholfainn do gach dalta cárta EHIC a bheith acu, ar eagla go gcaithfí cóir leighis a chur orthu is iad sa Spáinn. Táid ar fáil saor in aisce ón HSE.
Tá an íocaíocht dheireanach do 399 euro le bheith íochta tríd an nasc thíos roimh an 16ú Meitheamh. Nasc thíos. Ná bíodh aon leisce ar éinne agaibh teagmháil a dhéanamh liom ar; muia@pcd07.ie
Bíodh Samhradh deas agaibh agus táim fhéin is an Roinn Spáinnise ag súil go mór le bualadh libh ag tús na scoilbhliana seo chugainn.
 
On behalf of the Spanish Department regarding the trip to Barcelona.  Thank you for the payment of €300 deposit. We are looking forward to the cultural trip to Spain in October. We depart from Cork on Monday, 2/10/23 and return on Thursday, 5/10/23.  We will have an information evening in September but in the meantime make sure the passport is in date and i would advise you to get the EHIC card in case of any medical issue while there. This card is free of charge from the HSE. The balance of €399 has to be paid by the 16th June. Link and booking reference below. If you have any question i can be contacted on muia@pcd07.ie.  Have a wonderful summer and i along with the rest of the Spainish department look forward to meeting you at the start of the next school year.
 
Muchas Gracias,
Maebh Uí Ainiféin.
 
 
 

Booking Id: 2001549
Tuismitheoirí / Caomhnóirí bhiain 5 / Parents / Guardians of year 5
Created : 24 May 2023, 2:28 PM
Archived : 24 Jul 2023, 12:00 AM

Mar eolas, 

Tá teip ar bhliain 5 turas a thabhairt ar an mBlascaod. Raghaidh an turas seo ar aghaidh Mí Meán Fómhair, coiméadfar an tairgead go dtí sin.

 

For your information:

The trip to the Blaskets for year 5 is not going ahead.  This boat trip / activity will be recheduled in September, we will hold on to the €35 payment until then.

Clár an tSamhraidh / Summer programme
Created : 24 May 2023, 10:22 AM
Archived : 24 Jul 2023, 12:00 AM

Eolas breise faoi clár an tSamhradh / Additional information regarding July provision summer programme



Pdf-1
Tuismitheoirí / Parents - Clár an tSamhraidh / Summer programme
Created : 24 May 2023, 10:19 AM
Archived : 24 Jul 2023, 12:00 AM

Eolas breise faoi clár an tSamhradh / Additional information regarding July provision summer programme



Pdf-1

Pdf-2
Clár an tSamhraidh / Summer programme
Created : 24 May 2023, 10:17 AM
Archived : 24 Jul 2023, 12:00 AM

Eolas faoi iamh maidir le clár an tsamhraidh / Information attached regarding the July provision summer programme.



Pdf-1

Pdf-2